I dtraidisiún na Críostaíochta, tugtar an Triúr Saoithe (Gréigis: μάγοι, magoi) ar na ríthe a thaistil chuig Beithil chun bronntanais a thabhairt don leanbh Íosa Críost.

Infotaula de personaAn Triúr Saoithe

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 "RCh"
Bás1 haois
Áit adhlacthaArdeaglais Köln
Saveh Cuir in eagar ar Wikidata
Lá féile24 Iúil
6 Eanáir Cuir in eagar ar Wikidata

Ní luaitear iad ach i Soiscéal Mhatha amháin, ach cuimhnítear iad fós i gceiliúradh na Nollag.

Níor luaigh Matha cé mhéad rí a bhí ann ach oiread, ach dar leis an traidisiún bhí triúr ann mar gur trí bhronntanas a dáileadh: mar a bhí, ór, túis agus miorr.

Soiscéal Mhatha Cuir in Eagar

”Nuair a chuala na Saoithe caint an rí, d’imigh siad leo. Agus an réalta, a bhí feicthe acu roimhe sin ag éirí, ghluais sí rompu go dtí gur stad sí os cionn na háite ina raibh an leanbh. Nuair a chonaic siad an réalta, bhí áthas an-mhór orthu. Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d’umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d’oscail siad a gcistí agus d’ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorr.

 
Atlas Catalàn, 1375, Fol. V.

(Soiscéal Mhatha 2:1-11)[1]

 
"Pórtico dos Reis Magos" in Natal, An Bhrasail.

Tá traidisiúin fad-bhunaithe gurbh duine as gach cine a bhí i gceist leis na trí Saoithe,[2] - a dtugann na traidisiúin Caspar, Meilcíór[3] agus Baltazár[4] (fear gorm) orthu.

An scéal do leanaí Cuir in Eagar

"Cúpla mí roimhe sin, thug triúr saoithe tábhachta réalta nua faoi deara sa spéir. Chreid siad gur chomhartha é an réalta nua ná go mbéarnfaí rí nua go luath. Chaith siad tamall fada ar a gcamaill ag leanúint an réalta agus d’aimsigh siadsan Muire, Iósaf agus a mBabaí nua freisin. Bhí ríméad ar Mhuire agus Iosaf an méid sin cuairteoirí a bheith acu..."[5]

Scéal nó finscéal ? Cuir in Eagar

Níl aon tuairisc sa mBíobla gur tháinig triúr ríthe ar chamaill go dtí an áit a raibh Íosa. Deirtear cinnte gur tháinig “magi” (eagnaithe nó saoithe) ach ní deirtear go díreach gur triúr acu a bhí ann.[6]

Ní dhearna na chéad Chríostaithe amach ar chor ar bith gur ríthe a bhí iontu agus níor luaigh siad cén tír as a dtáinig siad.

Is fíor go ndeirtear sa mBíobla gur bronnadh ór, túis agus miorra air. Ach d’fhéadfadh níos mó ná triúr a bheith i láthair nuair a rinneadh an bronnadh. Ar aon chor, níl sé soiléir beag ná mór gur le linn dó a bheith sa mainséar a tharla sé.

An Eipeafáine Cuir in Eagar

Ciallaíonn an focal Eipeafáine ‘splanc léargais’. Déanann féile na hEipeafáine ceiliúradh ar an gcuairt a thug na Triúr Saoithe ar an stábla chun onóir a thabhairt d’Íosa.[7]

Tá siombalachas ag baint leis na bronntanais a thug na Saoithe:

  • ór = ríogacht Íosa, is é Íosa ár rí;
  • túis = diagacht Íosa, Is é Dia é;
  • miorr = páis agus bás Íosa (baintear úsáid as miorr le cur ar na mairbh).
 
mórshiúlta REYES MAGOS, Meicsiceo

Nósanna Cuir in Eagar

Reáchtáladh mórshiúlta ar fud an domhain.[8]

Féach freisin Cuir in Eagar

Tagairtí Cuir in Eagar

  1. "Matha 2:1-12 | Tearmann". www.tearmann.com. Dáta rochtana: 2021-01-06.
  2. Aonghus (2013-01-06). "Foilsiú an Tiarna". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2021-01-06.
  3. ""Meilcíór"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-01-06.
  4. ""Baltazár"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-01-06.
  5. foras.ie. "Cuaillí Beathaː Croí-chlár Eitice do Scoileanna Ilchreidmheacha". Dáta rochtana: 2021.
  6. Seosamh Ó Cuaig. "Finscéalta faoi bhreith an linbh Íosa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-01-09.
  7. tuamarchdiocese.org. "An Bhliain Liotúirgeach". Dáta rochtana: 2021.
  8. Alex Hijmans (2013-08-15). "Splancanna o Shaol Eile: An Bhrasail i bhFis agus i bhFocail" (as ga). Cois Life.