Ór
Is éard is ór ann ná an naoú dúil cheimiceach déag is trí scór i dtábla peiriadach na ndúl. Miotal bog buí trom insínte somhúnlaithe atá ann, agus meas mór ag na daoine air toisc é a bheith chomh gann. Is í an tsiombail cheimiceach atá aige ná Au. Miotal lómhar atá ann, agus é le fáil ina dhúil sa dúlra féin, ina chnapáin bheaga taobh istigh de chlocha. Seoltóir maith leictreachais atá ann. Sa seodra, sna boinn airgid agus san eacnamaíocht is mó a úsáidtear é, ach thairis sin, baintear leas as san fhiaclóireacht agus sa leictreonaic.
![]() | |
---|---|
![]() | |
Siombail cheimiceach | Au |
Dáta fionnachtana | 6 millennium "BCE" |
Fionnachtaí | luach anaithnid |
Aicmiú | |
Catagóir | Mianra |
Airíonna | |
Criostalchóras | cubic crystal system (en) ![]() |
Mais mhólarach | 196.96657 Da |
Dath | ór |
Cruas Mohs | 3 |
Dlús | 19.32 |
Pointe leáite | 1,064.18 |
Ór | |
Siombail Cheimiceach | Au |
Uimhir Adamhach | 79 |
Meáchan Adamhach | 196.966569(4) g·mol |
Grúpa, Peiriad | 11, 6, d |
Dlús | 19.3 g·cm−3 |
Sraith Cheimiceach | Na miotail thrasdultacha |
![]() |
Mar is dual do na miotail lómhara, is dúil sách támh é an t-ór. Is é sin, níl sé araiciseach chun imoibriú a dhéanamh le ceimiceáin. Mar sin féin, is féidir é a thuaslagadh in imoibreáin áirithe, go háirithe san aqua regia - an t-"uisce ríoga", ós rud é go dtuaslagann sé "rí na miotal", an t-ór. Is é is aqua regia ann ná meascán as aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach. Thairis sin, is féidir leis an gclóirín, leis an bhfluairín agus le tuaslagáin chiainídeacha ór a chreimeadh.
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an ór, mar atá, 197Au, agus is as an iseatóp seo atá ór an dúlra comhdhéanta. Tá an t-ór níos troime ná an luaidhe, ach níl sé chomh trom leis an bplatanam, leis an oismiam ná leis an iridiam.
Ocsaídíonn an t-aqua regia an t-ór go hian teitreaclóróráite, is é sin, AuCl4-, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an ór san ian seo ná +3. Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta aige, agus tugtar comhdhúile óracha ar na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin seo ag an ór. Thairis sin, tá an uimhir ocsaídiúcháin +1 ag an ór i gcuid mhaith comhdhúl, is é sin, na comhdhúile órúla. Is féidir don ór uimhir ocsaídiúcháin níos airde fós a shroicheadh faoi thionchar ocsaídeoirí láidre, ar nós an fhluairín.
Níl páirt ná ról ar leith á dhéanamh ag an ór san orgánach daonna. Nimh atá san ian óir Au3+, ach ní chuirfidh an t-ór miotalach isteach ná amach ar an duine má shlogtar síos é, nó ní féidir leis na himoibreáin i gcolainn an duine an miotal a ocsaídiú go hiain nimhiúla. Mar sin, is féidir, abair, deochanna alcólacha nó cácaí a mhaisiú le duilleoga tanaí óir, agus ní dhéanfaidh an miotal dochar ar bith don duine a iósfaidh nó a ólfaidh é. Scéal eile go gcuireann an t-ór ailléirge ar dhaoine áirithe, ach níl sé leath chomh dona mar ailléirgin agus a lán miotal eile, an nicil ach go háirithe.
Tréithe fisiceachaCuir in Eagar
- Uimhir adamhach: 79
- Sraith cheimiceach: Na miotail thrasdultacha
- Grúpa, peiriad, bloc: 11, 6, d
- Cosúlacht: miotal buí
- Mais adamhach: 196.966569(4) g/mol
- Cumraíocht leictreonach: [Xe] 4f14 5d10 6s1
- Leictreoin de réir an scealla: 2, 8, 18, 32, 18, 1
- Pas: soladach
- Dlús le teocht an tseomra: 19.3 g·cm−3
- Leáphointe: 1337.33 K, 1064.18 °C
- Fiuchphointe: 3129 K, 2856 °C
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |