Aigéad hidreaclórach
Aigéad hidreaclórach | |
---|---|
![]() |
![]() |
Ainm IUPAC | Hydrochloric acid |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 7647-01-0 |
Airíonna | |
Foirmle mhóilíneach | HCl in uisce (H2O) |
Mais mhóilíneach | 36.46 g/mol (HCl) |
Dlús | 1.18g/cm3 |
Intuaslagthacht | Inmheasctha |
Leáphointe | −27.32 °C (247 K) 38% tuaslagán |
Fiuchphointe | 110 °C (383 K), 20.2% tuaslagán; 48 °C (321 K), 38% tuaslagán |
pKa | −8.0 |
Slaodacht | 1.9 mPa·s ag 25 °C, 31.5% tuaslagán |
Guaiseacha | |
Aicmiú AE | Creimneach (C) |
NFPA 704 | ![]() ![]() ![]() |
Comhdhúile gaolmhara | |
Aigéid gaolmhara | Aigéad hidreabrómach, Aigéad hidreafluarach, srl |
Is éard atá i gceist leis an aigéad hidreaclórach ná tuaslagán uisce na clóiríde hidrigine (HCl). Aigéad láidir atá ann. Tá sé le fáil go nádúrtha i súlach gastrach an duine. Imoibreán tábhachtach atá ann a úsáidtear go fairsing sa tionsclaíocht agus sna saotharlanna. Tá sé an-chreimneach, agus ní mór é a láimhseáil go cúramach.
Tugtar clóirídí ar shalainn an aigéid hidreaclóraigh. An chuid is mó acu, bíonn siad sothuaslagtha san uisce, ach tá an chlóiríd airgid, AgCl, dothuaslagtha go hiomlán. Sin é an fáth go n-úsáidtear an níotráit airgid, AgNO3, mar imoibreán leis na hiain chlóiríde a aithint sa tuaslagán. Is é an chlóiríd sóidiam, NaCl - an gnáthshalann - an ceann is tábhachtaí de shalainn an aigéid hidreaclóraigh.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |