Is ian í an chiainíd a bhfuil aon adamh carbóin amháin agus aon adamh nítrigine amháin ann, agus lucht leictreach diúltach singil aige. Tá nasc comhfhiúsach triarach idir an dá adamh san ian seo, agus is ionann struchtúr leictreonach na ciainíde agus an mhóilín nítrigine, N2. CN- an fhoirmle cheimiceach. Má thugann móilín an aigéid phrúisigh HCN, ar a dtugtar ciainíd hidrigine freisin, ian hidrigine H+ uaidh in imoibriú aigéid agus buin, gheofar ian ciainíde, agus mar sin, tá an t-ian seo le fáil ina lán comhdhúl ianach ar féidir dearcadh orthu mar shalainn de chuid an aigéid phrúisigh, cosúil le ciainíd sóidiam NaCN agus ciainíd potaisiam KCN.

Is féidir teacht ar an gciainíd mar ghrúpa adamhach sna comhdhúile orgánacha freisin - is é sin, comhdhúile casta de chuid an charbóin. I móilíní orgánacha, níl an chiainíd ina hian, nó tá nasc comhfhiúsach idir adamh carbóin éigin agus an t-adamh carbóin sa ghrúpa ciainíde. Tugtar nítrílí ar chiainídí orgánacha den chineál seo. Is í an aiceitinítríl CH3CN an nítríl is simplí.

Nimh láidir is ea an chiainíd - is é sin, an t-ian féin. Is é is cúis leis seo ná go bhfuil sí ábalta ceann de na heinsímí a chosc atá riachtanach le leas a bhaint as an ocsaigin análaithe. Mar sin, déanann sí dochar sciobtha do na fíocháin sa cholainn atá i dtuilleamaí na riaspróide aeróbaí thar aon fhoinse fuinnimh eile - lárchóras na néaróg (an inchinn san áireamh) agus an croí, ach go háirithe. D'fhéadfá a rá gurb é is éifeacht don nimhiú ciainíde ná go dtachtfar an t-othar cé go bhfuil a dhóthain aeir agus ocsaigine ina thimpeall aige.

Na comhdhúile ina bhfuil an grúpa adamhach seo, bíonn siad go léir nimhiúil, ach braitheann sé ar chomh furasta agus atá sé an t-ian ciainíde a scaoileadh saor uathu. Mar sin, bíonn ciainídí na miotal, cosúil le KCN agus NaCN, uafásach dainséarach, nó scaoilfear an t-ian ciainíde iontu saor a thúisce is a thiocfaidh siad i dteagmháil leis an uisce. Maidir leis na nítrílí, áfach, tá nasc comhfhiúsach iontu idir an grúpa ciainíde agus an chuid eile den mhóilín, agus mar sin, bíonn sé deacair an t-ian ciainíde a dhealú, ionas go bhféadfaidh sé a chuid mioscaise a dhéanamh. Is féidir leis an meitibileacht an t-ian a scaoileadh saor ceart go leor, rud a chiallaíonn go bhfuil nimhiúlacht áirithe ag baint leis na nítrílí, ach níl siad leath chomh dona le ciainídí na miotal.

Is féidir leis an ian ciainíde páirt na liogainne a dhéanamh in iain choimpléascacha, ar nós na fearóiciainíde. Is éard atá i gceist leis an bhfearóiciainíd ná ian iarainn (II) a bhfuil sé ian ciainíde grúpáilte ina lioganna ina thimpeall. Tugtar heicsicianóifearáit (II) ar an gcoimpléasc seo freisin, agus is í an fhoirmle cheimiceach atá aige ná [Fe(CN)6]4-. Sa choimpléasc fearóiciainíde, tá na hiain chiainíde chomh dlúthcheangailte den iarann agus go bhfuil an t-iomlán sách neamhurchóideach don duine.

Is é an modh is simplí leis na hiain chiainíde a aithint ná tástáil an ghoirm phrúisigh. Go bunúsach, cuirtear beagáinín sulfáite iarainn (II), nó sulfáite feiriúla, FeSO4, leis an tuaslagadh a gcreidtear go bhfuil ciainíd ann. Má bhíonn ciainíd ann, tiocfaidh dath gorm sa tuaslagadh - an gorm prúiseach, nó comhdhúil na n-ian iarainn (II) agus na n-ian fearóiciainíde.