Is orgán matánach i ndaoine agus in ainmhithe eile é an croí a bhíonn ag pumpáil fola thart ar an chorp, trí fhuileadán an chórais imshruthaithe. Caidéal atá sa chroí a bhrúnn an fhuil trí na fuileadáin nó an córas imshruthaithe ar fud na colainne.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCroí
Sonraí
Laidincor
Cuid decóras imsruthaithe
artaire corónach deas agus artaire corónach clé
vena cava uachtarach
In-néarógúmogalra cairdiach
Aitheantóirí
MeSHD006321
TAA12.1.00.001
Acmhainní seachtracha
Grayp.526
EB Onlinescience/heart
Téarmaíocht anatamaíoch


1 Aitriam deas
2 Aitrium clé
3 Vena cava uachtarach
4 Aorta
5 Artaire scamhógach
6 Féith scamhógach
7 Comhla bheannach
8 Comhla aortach
9 Méadailín clé
10 Méadailín deas
11 Vena cava íochtarach
12 Comhla thríchuspach
13 Comhla scamhógach

Soláthraíonn an fhuil bia, ocsaigin agus substaintí eile timpeall na colainne agus freisin cuidíonn sé le fuíollábhair mheitibilacha a bhaint.

Tá croí an duine thart fán mhéid chéanna le dorn druidte. Tá sé suite idir na scamhóga, sa spás meánchliabhraigh. Tugtar an matán cairdiach ar an chroí.

Imshruthú  cuir in eagar

I ndaoine, mamaigh eile, agus éin, tá an croí roinnte i gceithre sheomra: na haitriamaí clé agus ar dheis uachtaracha, agus na méadailíní clé agus ar na dheis íochtaracha. Tugtar, go coitianta,

- an croí deas ar an aitriam agus an mhéadailín ar dheis agus

- an croí clé, ar a gcontrapháirt ar an taobh eile.

I gcodarsnacht leo, bíonn dhá sheomra sna héisc, aitriam agus méadailín, cé go mbíonn trí sheomra sna reiptílí.

I gcroí folláin, sreabhann an fhuil ar bhealach amháin tríd an chroí, as siocair na gcomhlaí croí a chuireann cosc ​​ar sreabhadh droim ar ais. Bíonn an croí faoi chosaint sa pheireacairdiam (sac cosanta), ina mbíonn roinnt beag sreabháin.

 
Tá croí an duine suite i lár r an tóracs, lena bhuaic dírithe ar an taobh clé

Tá dhá chaidéal sa chroí:[1] an taobh deas a chaidéalaíonn an fhuil don chóras imshruthaithe scamhógach, agus an taobh clé a chaidéalaíonn fuil don chóras imshruthaithe sa chuid eile den cholainn. Sa dá chás, tagann an fhuil amach ón méadailín ar an taobh sin trí artairí a ghabhlaíonn de réir a chéile ina líonra de phíobáin bheaga ar a dtugtar na hartairíní.

Ar deireadh gabhlaíonn siad seo ina ribeadáin fola, fuileadáin fhíorbheaga atá fite go dlúth leis na hailbheolais sna scamhóga agus cealla na bhfíochán sa chuid eile den cholainn. Is sna fíocháin sin a idirleathann ocsaigin, bia tuaslagtha is hormóin ón bhfuil isteach sna fíocháin, agus dé-ocsaíd charbóin is fuíollábhair eile amach as na fíocháin is isteach sa bhfuil.

Sna ribeadáin fola sna scamhóga a idirleathann ocsaigin isteach sa bhfuil agus a idirleathann dé-ocsaíd charbóin amach aisti. Leanann an fhuil ar aghaidh isteach i bhféitheoigíní a thagann le chéile chun féitheacha a dhéanamh, trína bhfilleann an fhuil ar aitriam an taobh eile den chroí. Mar sin, déanann an fhuil a bealach tríd an gcroí dhá uair, uair amháin trí gach taobh den chroí, chun imshruthú iomlán amháin a chur di.

 
imshruthú na fola

Imshruthú sistéamach cuir in eagar

San imshruthú sistéamach, téann fuil, a bhíonn ocsaigin laghdaithe, ón cheann, ón mhuineál agus ó na sciatháin isteach san aitriam deas, tríd an vena cava uachtarach (príomhfhéith na colainne). Téann an fhuil ón ucht, ón bholg agus ó na cosa isteach tríd an vena cava íochtarach. San am céanna a mbíonn an t-aitriam deas ag líonadh le fuil, bíonn fuil ocsaiginithe ó na scamhóga ag dul isteach san aitriam clé, trí na féitheacha scamhógacha.

Crapann na matáin sna haitriamaí, osclaíonn na comhlaí déchuspacha agus tríchuspacha agus líonann na méadailíní le fuil. Ansin crapann ballaí matánacha na méadailíní, druideann na comhlaí déchuspacha agus tríchuspacha agus osclaíonn na comhlaí corránacha agus brúitear an fhuil isteach sna hartairí. Brúitear an fhuil ón mhéadailín dheas isteach san artaire scamhógach agus téann an fhuil go dtí na scamhóga. Brúitear an fhuil ón mhéadailín chlé isteach san aorta agus pumpáiltear thart faoin cholainn ar fad í.

Seomraí cuir in eagar

Tá 4 sheomra sa chroí.[1] Faigheann an t-aitriam deas fuil ón gcolainn i gcoitinne tríd an vena cava, agus le linn a shiostóil brúnn an fhuil ar aghaidh tríd an gcomhla aontreoch thríchuspach isteach sa mhéadailín deas. Nuair a chrapann an méadailín deas seo le linn a shiostóil siúd, brúitear an fhuil amach an chomhla scamhógach isteach san artaire scamhógach.

An fhuil a thagann ar ais ó na scamhóga, atá athnuaite le hocsaigin, téann sí isteach san aitriam clé. Nuair a chrapann an t-aitriam seo ina shiostól féin, brúitear an fhuil isteach tríd an gcomhla bheannach isteach sa mhéadailín clé, an seomra leis na fallaí matánacha is raimhre sa chroí.

 
siostól

Crapann na matáin sin i siostól an mhéadailín chlé chun an fhuil a chaidéalú amach an chomhla aortach isteach san aorta agus ar aghaidh timpeall na colainne. Tar éis gach siostóil bogann na matáin sa mhéadailín, agus tugtar an diastól ar an bpas seo ina mbíonn na matáin bogtha. Déanann gach seomra sa chroí caidéalú trí chrapadh mhatáin an tseomra sin, agus tugtar an siostól ar phas an chraptha.

Tarlaíonn siostól na n-aitriam ag an am céanna, agus ina dhiaidh sin tarlaíonn siostól na méadailíní ag an am céanna. Le linn siostól na n-aitriam osclaíonn an chomhla aontreoch amach as na seomraí sin, agus ligeann sé sin don fhuil rith ar aghaidh isteach sna méadailíní.

Ansin tarlaíonn siostól na méadailíní: dúnann siad a gcomhlaí isteach is osclaíonn a gcomhlaí amach, rud a ligeann don fhuil a bealach ar aghaidh san imshruthú a dhéanamh. Rialú leictreach a choimeádann pas gach craptha sa chroí san ord ceart.

Is amhlaidh a dhípholaraíonn na cillscannáin i matáin na n-aitriam ar dtús i gcónaí, rud a spreagann na seomraí sin chun craptha. Ina dhiaidh sin leathann an dípholarú go dtí na méadailíní, agus crapann siad sin i gcónaí tar éis na n-aitriam. Le linn na ndípholaruithe sin ritheann dóthain srutha leictrigh sa cholainn chun gur féidir voltais a thomhas idir pointí ar an gcraiceann, agus is é seo an leictreacardagram.

Struchtúr cuir in eagar

Tá an croí suite i lár an mheánchliabhraigh taobh thiar de chnámh an uchta sa chliabhrach, ag leibhéal na veirteabraí tóracsacha T5 - T8. Tá an chuid is mó den chroí suite de ghnáth beagán ar chlé an chliabhraigh (cé gur féidir leis corruair bheith beagán ar an taobh dheis) agus braitear é a bheith ar an taobh clé toisc go bhfuil an taobh clé níos láidre, ós rud é mbíonn air fuil a phumpáil go dtí gach cuid den choirp. Toisc go bhfuil an croí idir na scamhóga, bíonn an scamhóg chlé níos lú ná an scamhóg eile.

 
Sraitheanna de bhalla an chroí, lena n-áirítear peireacairdiam an ionathair, agus an peireacairdiam pairiatach.

Balla an chroí cuir in eagar

Tá balla an chroí comhdhéanta de trí shraith:

  • an eipeacairdiam,
  • an miócairdiam, agus
  • an ionchairdiam.

Bíonn balla an chroí comhdhéanta de thrí shraith: an ionchairdiam istigh, an miócairdiam lár agus an eipeacairdiam seachtrach. Tá siad seo timpeallaithe ag sac scannánach- dúbailte. ar a dtugtar an peireacairdiam.

Tugtar an ionchairdiam ar an tsraith is sia isteach sa chroí. Tá sé comhdhéanta suas de líneáil eipitéiliach ghainneach shimplí, agus clúdaíonn sé comhlaí agus seomraí. Tá sé leanúnach le hintéliam féitheacha agus artairí an chroí, agus tá sé ceangailte leis an mhióchardiam le sraith tanaí d'fhíochán tacaíochta. Is féidir go mbíonn ról le himirt freisin ag an ionchairdiam i rialú crapadh an mhiócairdia, trí hintéilin a thál.

Is é an miócairdiam an tsraith i lár bhalla an chroí, matán cairdiach - sraith de mhatán stríocach neamhdheonach, timpeallaithe ag chreatlach collaigne.

Taom croí

Imshruthú Dúbailte cuir in eagar

Sníonn an fhuil tríd an chroí dhá uair ar turas amháin iomlán den chorp. Uair amháin ag teacht ón choirp ar an taobh dheas, ansin ar an taobh clé a.teacht ó na scamhóga. Cuirtear imshruthú dúbailte ar seo.

Taom croí (ionfharchtadh miócairdiach) cuir in eagar

Tarlaíonn taom croí (ionfharchtadh miócairdiach) nuair a chalctar artaire corónach (oclúidiú) le téachtán fola (trombóis), rud a stopann sreabhadh na fola san artaire sin agus a mharaíonn cuid mhaith den mhatán ar sholáthraigh an t-artaire sin an fhuil chuige.[1]

Cúram cuir in eagar

Is í an ghníomhaíocht choirp ceann de phríomhghnéithe na sláinte agus folláine.[2] "Cuir ort do bhróga, téigh amach ag siúl le haghaidh leath uair a’ chloig, nó níos mó, agus déanfaidh tú maitheas do do chroí".  Sin é an teachtaireacht ag Foras Chroí na hÉirean.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim, 2011)
  2. getirelandactive.ie (2017). "Spreag an Siúl i do Scoilː Treoir chun siúl a chothú i scoileanna". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-16. Dáta rochtana: 2021.
  3. "Mayo County Council -- Articles". web.archive.org (2014-01-31). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-01-31. Dáta rochtana: 2021-09-29.