Cill (bitheolaíocht)

aonad bunúsach struchtúrtha agus feidhmiúil gach orgánach

Is í an chill (ón Laidin "cella", rud a chiallaíonn "seomra beag") an t-aonad bunúsach struchtúrach, feidhmiúil, agus bitheolaíoch de gach orgánach beo, agus an t-aonad is lú gur féidir a mhacasamhlú go neamhspleách. Go minic, tugtar bloic thógála na beatha orthu. Glaoitear Bitheolaíocht cheallach ar staidéar na gceall.

Bíonn cealla comhdhéanta de chíteaplasma a bhíonn scannánfholaithe, ina bhfuil go leor bithmhóilíní, mar shampla próitéiní agus aigéid núicléasacha. Is féidir orgánaigh a rangú mar aoncheallach (comhdhéanta de chill aonair; lena n-áirítear baictéir) nó ilcheallach (lena n-áirítear plandaí agus ainmhithe). Cé nach ionann líon na gceall i bplandaí agus ainmhithe ó speiceas go speiceas, bíonn thart ar 100 trilliún (1014) cill san duine. Tá an chuid is mó de na cealla i bplandaí agus ainmhithe sofheicthe ach amháin faoin micreascóp, le toisí idir 1 agus 100 micriméadar.

Ba ea Robert Hooke a chéad d'aimsigh an chill, sa bhliain 1665. Nuair a chonaic Robert Hooke planda i micreascóp bhí sé cosúil le mainistir. Chum Robert Hooke téarma nua: “cill.” Deir "Teoiric na gCeall", a tháinig chun cinn sa bhliain 1839 a bhuí le Matthias Jakob Schleiden agus Theodor Schwann, go mbíonn gach orgánach comhdhéanta de chill amháin nó níos mó, gurb iad na cealla aonad bunúsach an struchtúir agus na feidhme, i ngach orgánach beo, go dtagann gach cill ó chill eile a bhí ann roimhe, agus go bhfuil, ag gach cill, an fhaisnéis oidhreachtúil is gá chun feidhmeanna na cille a rialú agus faisnéise a tharchur don chéad ghlúin eile. Tháinig cealla chun cinn ar an Domhan, ar a laghad 3.5 billiún bliain ó shin.