Is orgánaigh mhicreascópacha, aoncheallacha iad na baictéir. Is gnách go mbíonn siad idir 1 go 20 micriméadar ar fad, agus de réir an crutha a bhíonn orthu, a aicmítear iad.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBaictéir
Bacteria Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Galargalar tógálach baictéarach agus bacterial pneumonia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
FearannBacteria Cuir in eagar ar Wikidata
Woese, Kandler agus Wheelis, 2024
Cineál tacsanomaíochBacillus Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an mhicribitheolaíocht an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé leis na miocrorgánaigh (miocróib) agus tá an bhaictéireolaíocht ina chraobh nó bhrainse amháin di. Tá na baictéir uileláithreach i ngnáthóga na Cruinne, ag fás in ithir, i bhfuaráin the aigéadacha, i ndramhaíl radaighníomhach, in uisce na farraige, agus fiú i nduibheagán screamh an Domhain. Go hiondúil bíonn thart ar 40 milliún baictéir i ngram d'ithir agus milliún amháin i mhillilítear d'fhionnuisce, fágann sin go bhfuil cothrom le 5 nanai-mhilliún (5×1030) sa Domhain ar fad.

Tá ról ríthábhachtach ag na baictéir i dtimthriall (athchúrsáil) na gcothaitheach, agus tá fosúchán nítrigine ón atmaisféar ag brath go mór ar airí na mbaictéar. Tá beagnach deich n-oiread níos mó cealla baictéir i gcorp an duine ná i gcealla daonna, líon ollmhór ar an gcraiceann agus sa chonair conair ghastraistéigeach. Caithfear a rá go mbíonn na baictéir seo neamhdhíobhálach nó fiú go ndéanann an chuid is mó díobh maitheas don Duine, de thoradh ar chóras imdhíonachta an choirp, ach tarraingíonn cuid acu galair, agus is féidir cuid díobh galar ionfhabhtaíoch a thosnú. Pataiginí a thugtar ar mhiocrorgánaigh a tharraingíonn galair ionfhabhtaíocha; an calar, an gallbholgach nó an tsifilis, an t-antrasc, an lobhra, agus an phlá bhúbónach san áireamh. Is í an ionfhabhtú riospráide eitinn an galar marfach is coitianta, bíonn an eitinn scamhóige freagrach as bás dhá mhilliún duine sa bhliain, tromlach mór díobh i réigiúin na hAfraice fo-Shahárach. Úsáidtear frithbheathaigh nó antaibheathaigh, i dtíortha an chéad Domhain, le haghaidh ionfhabhtú baictéireach a mhilleadh agus i dtionscal na feirmeoireachta.

Is prócaróit iad na baictéir. Tá siad neamhchosúla le na hainmithe nó na heocaróit eile mar nach mbíonn núicléas nó orgánaid scannánchumhdaithe acu. Go dtí le deireanaí, bhí na prócaróit go léir san áireamh leis an téarma baictéar, ach tháinig athrú ar an

nós sin leis an bhfionnachtain go raibh dhá ghrúpa, a bhí fíor-dhifrúil óna gcéile, sna prócaróit a shíolraigh go neamhspleách óna gcéile ón sinsearach coiteann. Tugtar Baictéir agus Archaea ar na fearainn éabhlóide seo anois.

Anton van Leeuwenhoek

Stair na baictéareolaíochta cuir in eagar

Ba é an t-eolaí Ísiltíreach Anton van Leeuwenhoek an chéad duine ar amhairc ar bhaictéir sa bhliain 1674, agus é ag baint úsáide as micreascóp solais aon-lionsa, a thóg sé féin. Thug sé an t-ainm "animalcules" dóibh agus sheol sé an t-eolas a d'aimsigh sé i litreacha go dtí an Royal Society of London for the Improvement of Natural Knowledge. Bhí an t-eolaí Gearmánach Christian Gottfried Ehrenberg sa bhliain 1828, freagrach as an t-ainm baictéar a thabhairt orthu. Tá an focal 'baictéar' díorthaithe ó βακτήριον -α na Gréigise, agus an bhrí a bhí leis ná "maide beag".

Thaispeáin Louis Pasteur, sa bhliain 1859, gur de réir fás miocrób a tharla an próiseas coipthe. Coipeadh a bhí i gceist, ní uathghiniúnint (prionsabal na huathghiniúna) mar a cheap daoine go dtí sin. (Is fungais iad na giostaí agus na caonaigh atá freagrach as coipeadh de ghnáth, ní baictéir.) Ba é Pasteur, i bpáirt le Robert Koch, a bhí comhaimseartha leis, a chéad thacaigh leis an teoiric gur cúis galar iad na frídíní. Ba cheannródaí é an baictéireolaí leighis Gearmanach Robert Koch a d'oibrigh ar calar, eitinn agus anrasc. Bhain Koch Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis amach i 1905, de thoradh ar a chuid taighde ar an eitinn agus an cruthúnas a thug sé do 'teoiric na bhfrídíní'. I bpostaláidí Koch, leag sé síos critéir nó triail chritéir chun a thaispeaint go raibh nó nach raibh baictéir ar leith ciontach as galar. Úsáidtear na critéir seo i láthair na huaire. Cé go raibh daoine ar an eolas, ón naoú aois déag ar aghaidh, go raibh ceangal idir micrea-orgánaigh agus galair éagsúla, ní raibh cóireáil éifeachtach ar bith ar fáil don phobal.

Bunús agus lúth-éabhlóid cuir in eagar

Moirfeolaíocht cuir in eagar

Rangaítear na baictéir de réir trí bhunchruth, cocais (sféarach), bachaillíní (slatcruthach) agus spirilliam (biseach).


 

Cilldéanmhas cuir in eagar

Struchtúir incheallacha cuir in eagar

 

Struchtúr Chill Phrócaróit

Bíonn scannán lipeapróitéine thart ar an gcíteaplasma agus feidhmíonn an scannán mar bhac leath-thréscaoilteach a choinníonn bia, próitéiní agus comhábhair riachtanacha an chíteaplasma istigh sa chill. Mar phrócaróit, ní bhíonn orgánaidí scannán-teanntaithe in a gcuid chíteaplasma agus mar sin is annamh a bhíonn strúctúir incheallach acu. Bíonn easpa chillnúicléis, miteacoindrí, clóraplaist agus orgáinidí eile acu, cé go mbíonn siad ag na heocaróit, a leithéid agus Coimpléasc Golgilíontán ionphlasmach.

Struchtúir eachtarcheallacha cuir in eagar

Bíonn cillbhalla righin ar fhormhór na mbaictéar.

Meitibileacht cuir in eagar

Fás agus atáirgeadh cuir in eagar

Is trí dhéscoilteadh a ghineann na baictéir, díreach mar a dhéanann an aiméibe. Atáirgeann siad iad féin go héighnéasach den chuid is mó agus má bhíonn na tiosca oiriúnach ann déantar seo go gasta.

Géineolaíocht cuir in eagar

Gluaiseacht cuir in eagar

Aicmiú agus aithint cuir in eagar

Imoibriú le horgánaigh eile cuir in eagar

Suntasacht i dteicneolaíocht agus i dtionscal cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar