Miteacoindre
Struchtúr ubhchruthach, de ghnáth, timpeall 2 μm ar fhad a bhfaightear cuid mhaith díobh i gcealla eocarótacha (cealla le núicléas taobh istigh dá chillscannán núicléach féin i gcíteaplasma na cille). Bíonn scannán dúbailte aici, an ceann inmheánach ag déanamh filltí is iomairí (criostaí) a phollann an mhaitrís inmheánach. Is ionad fíorthábhachtach an scannán inmheánach seo i gcomhair gníomhartha meitibileachta a fhuasclaíonn fuinneamh ó dhianscaoileadh móilíní bia. Bíonn DNA dá cuid féin inti, éagsúil ó DNA na cille, a thagann ón tuismitheoir baineann amháin.[1]
Cuid de | cíteaplasma |
---|---|
Aitheantóirí | |
MeSH | D008928 |
FMA | 63835 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/mitochondrion |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Miteachoindre". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 464.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |