Fochuid den chill bhitheolaíoch ina bhfuil na géinte atá comhdhéanta as móilíní DNA cornaithe ina gcrómasóim. Stiúrann núicléas na cille fás, meitibileacht is atáirgeadh na cille. Tá na treoracha sna crómasóim chun próitéiní a thógáil trí bhíthin RNA taobh amuigh den núicléas sa chíteaplasma. Bíonn scannán dúbailte idir an cíteaplasma agus an taobh istigh den núicléas. Tá an núicléas riachtanach do bhuaineadas fadtréimhseach na cille. Ní bhíonn sé ann ar feadh tamaill le linn cilldeighilte, agus cailltear é i gcealla áirithe fásta, cosúil leis na heiritricítí (cealla dearga na fola).[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtNúicléas cille
Cuid decill eocarótaigh
Aitheantóirí
MeSHD002467
THH1.00.00.0.00003, H1.00.01.2.00001
FMA63840 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/nucleus-biology
Téarmaíocht anatamaíoch


Scéimléaráid de chill ainmhí agus a chuid codanna: 1. Núiclín 2. Núicléas 3. Ribeasóm 4. Saicín 5.Líontán ionphlasmach garbh 6. Coirpín Golgi (nó Coimpléasc Golgi) 7. Cítichreatlach 8. Líontán ionphlasmach mín 9. Miteacoindre 10. Folúisín 11. Cíteasol 12. Líseasóm 13. Ceintreasóm

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Núicléas cille". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 489.