Is éard is folúisín ann ná orgánaid scannán-cheangailte atá i láthair i ngach cill ghléasra agus fhungasach agus i roinnt prótaisteach, ainmhithe agus ceall baictéarach. Go bunúsach, is urranna iniata iad folúisíní, líonta le huisce ina mbíonn móilíní neamhorgánacha agus orgánacha ann maille le heinsímí i dtuaslagán, ach i gcásanna áirithe d'fhéadfadh solaid slogtha a bheith ann. Déantar folúisíní trí chomhleá saicíní scannánach iomadúil agus go héifeachtach níl iontu ach cineálacha níos mó dóibh. Níl cruth nó méid bunúsach ag an orgánaid; athraíonn a struchtúr de réir riachtanais na cille.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtFolúisín
Cuid decíteaplasma
Aitheantóirí
MeSHD014617
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/vacuole
Téarmaíocht anatamaíoch


Scéimléaráid de chill ainmhí agus a chuid codanna: 1. Núiclín 2. Núicléas 3. Ribeasóm 4. Saicín 5.Líontán ionphlasmach garbh 6. Coirpín Golgi (nó Coimpléasc Golgi) 7. Cítichreatlach 8. Líontán ionphlasmach mín 9. Miteacoindre 10. Folúisín 11. Cíteasol 12. Líseasóm 13. Ceintreasóm