Aigéad ribeanúicléasach

Aigéad núicléasach is ea aigéad ribeanúicléasach (nó ARN) a fhaightear ar fud na cille (is é RNA) an gnáthghiorrúchán i mBéarla). Difriúil ó ADN sa mhéid go gcuirtear úraicil (bun pirimidín) in ionad tímidín, agus comhábhar siúcra, riobós, in ionad dé-ocsairiobóis.

Baint lárnach aige in an-chuid próisis géibheannacha cille, sintéisiú próitéiní thar aon cheann eile. Sintéisítear an RNA mar dhual comhlántach de roinnt na mbunseicheamh sa ADN trí fheidhmiú rang einsímí a dtugtar polaimeiréisí ARN orthu. Déantar cóipeanna ARN (cóipeanna comhlántacha) de na géinte a chódaíonn don phróitéin (agus na hiontróin gearrtha amach ag próiseas casta ina mbíonn RNA ar leith gníomhach, RNA beag núicléach, ARNnb, i gcoimpléisc le próitéiní ar a dtugtar ARNnb), chun teachtaire ARN (tARN) aibí a tháirgeadh.

Iompraítear an tARN trasna an scannáin núicléach chuig na ribeasóim sa chíteaplasma. Déantar cóip iomlán den mRNA ar an ribeasóm, a fhanann ann mar RNA ribeasómach (tARN). Uaidh sin déantar cóipeanna RNA traschuir (tRNA) (giotaí ARN, cóipeáilte ó chódón amháin ar an ADN go bunúsach, is é códaithe d'aimíonaigéad amháin) ó na géinte ar an tARN, agus bailíonn an tARN aimíonaigéid chuí sa chíteaplasma is iompraíonn iad don ribeasóm.

Le cabhair an tARN ansin, cuirtear na giotaí tARN (is na haimíonaigéid ar leith atá ceangailte leo) i líne chun gur féidir leis na haimíonaigéid nascadh le chéile i líne, san ord cuí ceart, ina slabhra polaipeiptíde a dhéanann an phróitéin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aigéad ribeanúicléasach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 16.