Fungas
Is orgánach eocarótach é an Fungas a bhaineann le Ríocht na bhFungas. Is grúpa monaifíléiteach iad na fungais a dtugtar Eumycota (fíor-fhungais nó Eumycetes) orthu, agus iad difriúil leis na slam-mhúscáin (myxomycetes) agus na huisce-mhúscáin (oomycetes). Is deacair fungais a thabhairt faoi deara: tá siad beag agus maireann san ithir, ar ábhar marbh agus ar rudaí beo. Is mór an bhaint atá acu le lobhadh agus le hathchúrsáil cothaitheach. Is féidir cuid acu a ithe, agus is maith an sás chun laibhiniú agus chun coipeadh iad. Baintear feidhm astu freisin chun antaibheathaigh agus eimsímí tionsclaíocha a dhéanamh. Tugtar an mhíceolaíocht ar an disciplín bitheolaíoch a bhaineann le staidéar na bhfungas, agus is minic a luaitear leis an Luibheolaíocht é, cé gur gaire na fungais d'ainmhithe ná do phlandaí.
Fungi ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Tacsanomaíocht | |
Forfhearann | Biota |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Fungi ![]() R.T.Moore, 1980 |
Tá an iliomad saghsanna ann. Tá cuntas foirmiúil le fáil ar thimpeall 100,000 speiceas,[1] ach níl láneolas againn fós ar éagsúlacht na bhfungas.[2]
MoirfeolaíochtCuir in Eagar
De ghnáth cuirtear atáirgeadh gnéasach agus éignéasach i gcrích trí spórú agus is minic sain-struchtúir nó spórthorthaí ann chuige. Chuaigh de chumas roinnt fungas struchtúr atáirgeach a chruthú, agus nuair a shíolraíonn siad ní bhíonn ann ach atáirgeadh fásúil.
Fásann an chuid is mó de na fungais mar hífí, filiméid atá idir 2–10 micriméadar trasna agus a fhéadann a bheith cúpla ceintiméadair ar fad. Fásann hífí as a mbarr agus tagann na hífí nua amach ina gcraobhacha,[3] agus fásann mícéiliam, gréasán hífí, dá bharr.[4]
Is féidir le hífí a bheith fochrach nó céanaicíteach. Tá hífí fochracha roinnte ina ranna a bhfuil fochraí eatartha agus núicléas nó roinnt núicléas i ngach roinn. Tá póir idir na ranna a ligeann do chíteaplasma, d’organáidí agus do núicléis dul siar agus aniar. Os a choinne sin, is cealla ilnúicléacha iad na hífí céanaicíteacha.[5]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Rangaítear an méid speiceas i ngach fíleam de réir an 10ú heagrán de Dictionary of the Fungi (Kirk et al., 2008): Ascomycota, 64,163 speiceas (lch 55); Basidiomycota, 31,515 (lch 78); Blastocladiomycota, 179 (lch 94); Chytridiomycota, 706 (lch 142); Glomeromycota, 169 (lch 287); Microsporidia, >1300 (lch 427); Neocallimastigomycota, 20 (lch 463).
- ↑ Mueller G.M., Schmit J.P. (2006). “Fungal biodiversity: what do we know? What can we predict?” Biodiversity and Conservation, imleabhar 16, lgh 1–5.
- ↑ Harris S.D. (2008). “Branching of fungal hyphae: regulation, mechanisms and comparison with other branching systems,” Mycologia, imleabhar 50, lgh 823–32, eagrán 6.
- ↑ Alexopoulos et al., lch 30.
- ↑ Chang S-T, Miles P.G. (2004). Mushrooms: Cultivation, Nutritional Value, Medicinal Effect and Environmental Impact. CRC Press. ISBN 0-8493-1043-1
NaiscCuir in Eagar
LeabhairCuir in Eagar
- Ainsworth G.C. Introduction to the History of Mycology, Cambridge University Press, Cambridge, UK. 1976. ISBN 0-521-11295-8
- Alexopoulos CJ, Mims CW, Blackwell M. Introductory Mycology. 1996. John Wiley and Sons. ISBN 0-471-52229-5
- Deacon J. Fungal Biology. Blackwell Publishers, Cambridge, MA. 2005. ISBN 1-4051-3066-0
- Hall IR. Edible and Poisonous Mushrooms of the World. Timber Press, Portland, Oregon. 2003. ISBN 0-88192-586-1
- Hanson JR. The Chemistry of Fungi. 2008. Royal Society Of Chemistry. ISBN 0-85404-136-2
- Jennings DH, Lysek G. Fungal Biology: Understanding the Fungal Lifestyle. 1996. Bios Scientific Publishers Ltd, Guildford, UK. ISBN 978-1-85996-150-6
- Kirk PM, Cannon PF, Minter DW, Stalpers JA. Dictionary of the Fungi (an 10ú heagrán). CABI, Wallingford. 2008. ISBN 0-85199-826-7
- Taylor EL, Taylor TN. The Biology and Evolution of Fossil Plants. Prentice Hall, Englewood Cliffs, N.J. 1993. ISBN 0-13-651589-4
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |