Tugtar eukaryota (Gaeilge: eocaróit) ar ainmhithe, plandaí, fungais agus prótaistigh, .i. na beothaigh go léir ina n-eagraítear a gcuid ceall i struchtúir choimpléascacha iniata i scannáin.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoEukaryota Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
FearannEukaryota Cuir in eagar ar Wikidata
Chatton, 1925
Ainmníocht
BunlitriúEucaryotes Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an núicléas an struchtúr scannáncheangailte a léiríonn an difríocht idir chealla eocarótacha agus cealla prócarótacha; is mar gheall ar láithreacht an núicléis a úsáidtear an t-ainm "eocarót", ó na focail Gréigise ευ (a chiallaíonn "maith/fíor") agus κάρυον ("cnó"). Bíonn orgánaidí scannáncheangailte eile ann i mórán ceall eocarótach, ar nós miteacoindrí, coimpléasc Golgi agus coirpiní Golgi. Is minic a bhíonn lascnaidí uathúla ag eocaróit, déanta de micrifhidíní i leagan amach 9+2.