Prócarót
Tugtar prócaróit ar orgánaigh nach bhfuil fíornúicléas ná orgánaidí eile faoi scannán acu.
Prokaryota | |
---|---|
Sonraí | |
Modh gluaiseachta | rolladh |
Is foinse é an tacsón seo de | plant-based food (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Prokaryota Chatton, 1925 |
Tá siad éagsúil leis na heocaróit, orgánaigh a bhfuil a gcuid ceall le fáil i struchtúir chasta faoi scannán agus a bhfuil núicléas acu. Tá formhór na bprócarót aoncheallach agus níl a gcuid ábhar géineach bailithe faoi scannán. Tagann an t-ainm ó Shean-Ghréigis: πρό (pro) = roimh agus κάρυον (karyon) = cnó, agus an iarmhír ώτης (-ōtēs).
Tá na procaróit roinnte ina dhá bhfearann: na baictéir agus na haircéigh nó archaea. Síleadh tráth nach bhfaighfeá aircéigh ach amháin in áiteanna doicheallacha a raibh an-chuid teasa, pH (tomhas aicíde) nó radaíochta iontu. Aithnítear anois go maireann aircéigh i ngnáthóga de gach saghas.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Prokaryote versus eukaryote, BioMineWiki Curtha i gcartlann 2012-10-25 ar an Wayback Machine