Sifilis
Galar ainsealach gnéastarchurtha de bharr an ghníomhaí Teponema pallidum í an t-sifilis nó an bholgach Fhrancach nó an ghallbholgach uaireanta.
Tosaíonn an t-sifilis le príomhlot ar na baill ghiniúna nó an t-anas. Cuid mhaith seachtainí ina dhiaidh sin, tarlaíonn ionfhabhtú ginearálta le fiabhras is gríos.
Is féidir go bhfanfaidh an riocht suanach ansin thar bhlianta. Fásann cnapáin sa chraiceann is na scannáin mhúcasacha, agus briseann siad le hothrais mhóra.
Ina dhiaidh sin, cuireann an galar isteach ar an gcóras cairdiascamhógach is an néarchóras, agus déanann damáiste do chomhlaí an chroí. Atann an t-aorta, agus cuirtear tús le heaspa comhordaithe, cailliúint mothúcháin is gealtachas: gealtachas ginearálta an duine atá as a mheabhair.
TagairtíCuir in Eagar
|
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |