Is é an t-Aorta, (ón nGréigis "aeiro", ardaigh)[1] an fuileadán is mó sa cholainn dhaonna, a éiríonn as méadailín clé an chroí agus a thógann fuil a bhfuil ocsaigin inti go gach cuid den cholainn sa chóras imshruthaithe córasach.[2] Feictear é in ainmhithe eile chomh maith.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtAorta
Sonraí
Laidinartèria aorta o només aorta
Cuid deartery system (en) Aistrigh agus great arteries (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSHD001011
TAA12.2.02.001
FMA3734 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Téarmaíocht anatamaíoch


Aorta

Cúrsa an aorta cuir in eagar

Is iondúil go roinntear an t-aorta ina chúig chuid/roinn[3][4]:

  • An t-aorta éiritheach-an chuid idir an croí agus áirse an aorta
  • Áirse an aorta- buaic an aorta atá cosúil le "U" bun os cionn
  • An t-aorta íslitheach- an chuid den aorta ón áirse go dtí an pointe ag a roinneann sé ina artairí iliacha comónta
    • Aorta an Tóracs- an leath den aorta íslitheach os cionn na scairte
    • Aorta an abdómnain- an leath den aorta íslitheach faoi bhun na scairte

Gnéithe cuir in eagar

 
Aorta muice díosctha ag léiriú cad as a fhágann na hartairí

Artaire leaisteach is ea an t-aorta, agus mar sin tá sé insínte go maith. Nuair a chrapann an méadailín clé le fuil a bhrú isteach san aorta, méadaíonn an t-aorta. Tugann an síneadh seo an fuinneamh poitéinsiúil a choinneoidh an brú fola i rith diastóil, mar go gcrapann an t-aorta go h-éighníomhach le linn an ama seo.

Radharc tosaigh ón tosach den chroí daonna agus é ar oscailt. Léiríonn na saighde bána gnáth-shreabhadh na fola.

Galair/Paiteolaíocht cuir in eagar

  • Ainéaras Chuas Valsalva
  • Ainéaras Aortach- míotach(myotic), baictéarach (m.sh an bholgach fhrancach (an tsifilis)), siabhránach, géiniteach, bainteach le galar comhlach de chuid an chroí
    • Ainéaras Aortach Diosctha
  • Comhchaolú aortach- réamh-dhuchta, iar-dhuchta
  • Ataireóiscléaróis
  • Siondróm Marfan
  • Siondróm Ehlers-Danlos
  • Steanóis aortach
  • Tráma, mar shampla maidhm thrámach aortach, den chuid is mó bíonn siad seo tóracsach agus aimhneasach don artaire fochlabhach ar chlé, agus bíonn siad marfach go minic.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Illustrated Steadman's Dictionary, 24ú ed.
  2. Maton, Anthea (1993). Human Biology Health. Englewood Cliffs, New Jersey: Prentice Hall. ISBN 0-13-981176-1.
  3. Tortora, Gerard J: "Principles of Human W. & Karen A. Koos: Human Anatomy, second edition, page 479. Wm. C. Brown Publishing, 1994 (ISBN 0-697-12252-2)
  4. De Graaff, Van: "Human Anatomy, fifth edition", pages 548-549. WCB McGraw-Hill, 1998 (ISBN 0-697-28413-1)

Naisc sheachtracha cuir in eagar