Tóracs
Is cuid d'anatamaíocht an duine agus ainmhithe éagsúla eile é an tóracs (Sean-Ghréigis: θώραξ. Laidin: thorax), ar a dtugtar freisin an cliabhrach, an t-ucht agus an brollach.
![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Laidin | thorax |
Aitheantóirí | |
TA | A01.1.00.014 |
FMA | 9576 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.116 |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Anatamaíocht an chliabhraigh-daonnaithe agus homainidíCuir in Eagar
Sna homainidí, is é an cliabhrach an réigiún de chuid na colainne idir an muineál agus an abdóman nó bolg, in éineacht lena orgáin inmheánacha agus ábhair eile. Tá sé tacaithe agus cosanta den chuid is mó ag creat na n-easnacha, cnámh an droma, agus leis an gcrios guailleach. Seo a leanas inneachar an chliabhraigh:
- orgáin
- matáin
- matáin móra agus mion bhrollaigh
- matáin trapezius agus mhuiníl
- struchtúir inmheánacha
- artairí agus féitheacha
- cnámha
- an soicéad ghualainn ina bhfuil an chuid uachtarach den húiméireas
- slinneán
- steirneam
- a chuid chliabhraigh den dromlach
- dealrachán
- creat na n-easnacha
- correasnacha
- struchtúir seachtracha
- siní
- faireoga mamacha
- Is éard is 'V' an bhrollaigh ná an t-achar a bhíonn nochta ag léinte oscailte.
- abdóman cliabhraigh (goile, duáin/aidréineach, paincréas, liathán, agus an t-éasafagas íochtarach)
Anatamaíocht chliabhraigh-Ainmhithe eileCuir in Eagar
Sna feithidí agus eiseachnámharlaigh eile, tugtar 'an tóracs' ar an limistéar a fhreagraíonn don chliabhrach. Sna mamaigh ceathairchosacha, bíonn na faireoga mamacha agus na siní suite níos gaire do na cosa ar gcúl, agus dá bhrí sin ní bhíonn siad mar chuid den chiabhrach. Seachas sin, bíonn anatamaíocht na n-orgán mar an gcéanna ach leis na horgáin inmheánacha i gcumraíochtaí éagsúla.
Gortú cliabhraighCuir in Eagar
Tá gortú cliabhraigh (dá dtagraítear freisin, tráma cliabhraigh, gortú tóracsach, nó tráma tóracsach) freagrach as suas ar ¼ de bhásanna de bharr tráma sna Stáit Aontaithe.
Cliabh GalairCuir in Eagar
Is féidir le saincheisteanna éagsúla lena n-áirítear fadhbanna riospráide, saincheisteanna an díleá, deacrachtaí matánchnámharlaigh tús a chur le chliabh galair.
Pian chliabhrachCuir in Eagar
Cúiseanna neamhchairdiach na péine cliabhraighCuir in Eagar
AtaileachtáisCuir in Eagar
NeomatóracsCuir in Eagar
Ailse scamhógCuir in Eagar
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |