Peireacairdíteas
Athlasadh an pheireacairdiam, an sac snáithíneach timpeall an chroí is ea peireacairdíteas. Is féidir go dtarlóidh sé de thoradh ar ionfhabhtú, le víris go háirithe, ar ghalair na bhfíochán tacaíochta cosúil le lúpas sistéamach eiritéamatach, nó mar aimhréidh ar thaom croí.
Cineál | pericardium disease (en) , athlasadh, galar athlastach, galar croí agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | cairdeolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | athlasadh |
Cógais | |
Pataigineas | |
Buaileann sé | peireacairdiam |
Aicmiú | |
ICD-10 | I01.0, I09.2, I30 agus I32 |
ICD-9 | 420.0, 420.90, 420.91, 420.99, 423.1 agus 423.2 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 9820 |
MedlinePlus | 000182 |
eMedicine | 156951 |
MeSH | D010493 |
UMLS CUI | C0031046 agus C1167732 |
DOID | DOID:1787 |
Pian ghéar sa chliabhrach an siomptóm is suntasaí, a ghéaraíonn le hionanálú, agus siomptóm eile is ea fiabhras.
Cloistear fuaim shainiúil cuimilte ón gcroí nuair a dhéantar éisteachtas ar an othar. Aimhréidh throm ar an riocht seo is ea carnadh sreabháin idir an peireacairdiam is an croí, a chuireann brú ar an gcroí is bac ar a chaidéalú éifeachtach, rud a chuireann tús le croitheadh.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Peireacairdíteas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 513.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |