Fíochán tacaíochta
Is éard is fíochán tacaíochta ná fíochán a bhíonn mar bhunábhar in orgáin is codanna eile den cholainn, a nascann na struchtúir seo le chéile is a thacaíonn leo. Braitheann airíonna an fhíocháin ar eagrú a chomhcheall is a gcomhshnáithíní (mar shampla, ar an oiread collaigine atá ann).
Aitheantóirí | |
---|---|
MeSH | D003238 |
FMA | 96404 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/connective-tissue |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Sa suth, déanann líonra scaoilte ceallach (an méiseincíoma) agus forbraíonn na fíocháin tacaíochta ar leith (cnámh, loingeán, cealla na fola, is saill) uaidh sin. I measc na ngalar a chuireann isteach ar an bhfíochán tacaíochta, tá siondróm Marfan agus ceallailíteas.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fíochán tacaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 269.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol anatamaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |