Saill
Is éard is saill[1] ann ná meascán casta tríghlicrídí éagsúla, gach ceann acu le 3 mhóilín aigéad sailleach cuingrithe le móilín amháin gliocróil. Breosla tábhachtach stóráilte i bplandaí is ainmhithe. Sa chiall ghinearálta, is fíochán (fíochán saille) ainmhí í, bán nó scothbhuí, ina mbíonn na cealla aonaracha atá ag carnadh saille i bhfoirm liathróidín taobh istigh den chíteaplasma (saill bhán). Is foinse fuinnimh don orgánach iad na tríghlicrídí. Feidhmíonn an tsaill bhán mar ábhar pacála is inslithe i gcuid mhaith ainmhithe (mar shampla, an tsaill fho-chraicneach i ndaoine), agus mar mhaolaire turrainge (mar shampla, faoi sháil na coise is i mbos na láimhe). Tarlaíonn carnadh iomarcach saille sa cholainn dhaonna (raimhre) nuair a bhíonn an ionghabháil fuinnimh sa chothú níos mó ná an fuinneamh a aschuirtear trí ghníomhaíocht fhisiciúil. Faightear saill dhonn freisin sa chuid is mó de na mamaigh, go háirithe iad siúd a chodlaíonn ar feadh an gheimhridh is ainmhithe an-ogá aonaracha. Ní hionann is an tsaill bhán a bhíonn ina liathróidín amháin i ngach cill, bíonn an tsaill dhonn ina hiliomad liathróidíní an-bheaga. Chomh maith leis sin, is féidir leis an néarchóras simpiteach na cealla a spreagadh chun an tsaill dhonn a dhianscaoileadh is teas a ghiniúint, ní hionann leis an tsaill bhán. Ar an mbealach seo, is féidir le hainmhithe óga a ráta ginte teasa a mhéadú mar fhreagairt ar an bhfuacht taobh amuigh.[2]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Pádraig Ó Mianáin, eag.: “fat — Aistriúchán Gaeilge ar fat (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-03-22.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Saill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 574.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |