Ionchairdíteas
Ionfhabhtú agus athlasadh líneáil chuas an chroí, comhlaí an chroí go háirithe. Coilíníonn baictéir atá ag imshruthú sa bhfuil na comhlaí, iolraíonn siad ansin, agus spreagann an próiseas athlasta. Éiríonn na comhlaí athlasta níos raimhre is míchumtha, agus ní féidir leo dúnadh is oscailt i gceart. Cailltear sruthú normálta na fola ón gcroí. Léiríonn duine fiabhras, tuirse, is giorra anála mar shiomptóim. Léiríonn éisteachas fuaimeanna mínormálta monabhar croí mar thoradh ar an sruthú suaite trí na comhlaí. Más trom an t-ionfhabhtú, tarlóidh cliseadh croí. Is gá othar a chóireáil le frithbheathaigh chun an t-ionfhabhtú a chloí, agus má bhíonn dámáiste buan déanta do na comhlaí is féidir gur gá comhlaí saorga a ionphlandú.[1]
Cineál | endocardium disease (en) , pancarditis (en) , cardiovascular system symptom (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | cairdeolaíocht agus galar tógálach |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | athlasadh |
Cógais | |
Aicmiú | |
ICD-10 | I33 |
ICD-9 | 421 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0102107 |
DiseasesDB | 4224 |
MedlinePlus | 001098 |
eMedicine | 216650 agus 896540 |
Patient UK | infective-endocarditis-pro |
MeSH | D004696 |
UMLS CUI | C0014118 agus C0375268 |
DOID | DOID:10314 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ionchairdíteas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 375.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |