Lá Fhéile Stiofáin
Tugtar Lá Fhéile Stiofáin (Lá 'le Stiofáin) ar an 26ú lá de mhí na Nollag.
Cineál | lá saoire saoire phoiblí Slavic folk holiday (en) ![]() public holidays in Poland (en) ![]() ![]() |
---|---|
Ainmnithe in ómós | San Stiofán ![]() |
Cuid de | Slavic folk calendar (en) ![]() ![]() ![]() |
Lá | 26 Nollaig (Eaglais Laidine) 27 Nollaig (Críostaíocht Oirthearach) ![]() |

San Stiofán Cuir in Eagar
Creidtear gurb é Naomh Stiofán, nó San Stiofán, an chéad mhairtíreach Críostaí. Ciallaíonn an t-ainm Stiofán coróin. 'Más breith is mó a shamhlaítear le féile Lá Nollag, is é an bás foréigneach is mó a thagann chun aigne nuair a luaitear Stiofán – nó Etienne sa domhan Francach. An chéad mhairtíreach a bhí ann, a thug a anam ar son na Críostaíochta. Diamhasla a bhí sa teagasc Críostaí a bhí ar siúl aige, dar leis na Giúdaigh, agus d’imir siad bás air le clocha mar gheall air seo.'[1] Saoradh chun beatha don duine sa mhainséar, agus daoradh chun báis do dhuine dá dheisceabail, Stiofán. Lúcháir agus áthas, ar thaobh amháin, agus foréigean agus feall ar an taobh eile. 'Is maith a chuireann Lá Fhéile Stiofáin an chodarsnacht idir an sonas agus an donas i gcuimhne dúinn".[1]
Lá an Dreoilín Cuir in Eagar
In Éirinn, tugtar Lá an Dreoilín ar an 26 Nollaig chomh maith. Tagann an chodarsnacht i gceist chomh maith san ainm seo a bhíonn in úsáid in Éirinn chomh maith. Tá contrárthacht dá chuid féin ag baint leis an éan beag bídeach seo de bharr cáil a bheith air mar Rí na nÉan sa bhéaloideas, agus, ag an am céanna, é curtha ina leith sa bhéaloideas céanna gur sceith sé ar Stiofán a bhí i bhfolach sa chlaí agus é ar teitheadh ó na Giúdaigh.
Lá Saoire Cuir in Eagar
Is lá saoire é ar fud an chuid is mó den Eoraip, ach sna Stáit Aontaithe is gnáthlá oibre é.
Tugtar "Boxing Day" ar an 26 Nollaig i Sasana agus i gCeanada. Cuireann cúrsaí déirce an t-ainm Sasanach Boxing Day i gcuimhne dúinn, agus an nós a bhíodh ann boscaí déirce a dháileadh ar na boicht an lá céanna.[1]
Tugtar "zweiter Weihnachtstag" ar an 26 Nollaig i nGearmáinis.
Féach freisin Cuir in Eagar
Tagairtí Cuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 1.2 Cathal de Paor (2017). "Is maith a chuireann Lá Fhéile Stiofáin an chodarsnacht idir an sonas agus an donas i gcuimhne dúinn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-26.