Saturnalia
Féile de chuid na Sean-Róimhe ab ea Saturnalia (17-23 Nollaig), a bhíodh á cheiliúradh in ómós Shatairn, dia Rómhánach na meala.
Cineál | lá saoire féile reiligiúnach Reversal ritual (en) |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Satarn |
Comóireann sé | Satarn, An Athbhliain agus golden age (en) |
Lá | 17 Nollaig 18 Nollaig 19 Nollaig 20 Nollaig 21 Nollaig 23 Nollaig 22 Nollaig |
Tír | An tSean-Róimh |
Stair
cuir in eagarBhí Saturnalia ar na féilte Rómhánacha is mó. Ba iad an phleidhcíocht agus malartú ról sóisialta na tréithe is suntasaí a bhaineadh leis. Bhí sé de nós ag sclábhaithe is máistrí malairt áite a dhéanamh lena chéile, mar dhea, ar an gcuma chéanna go mbíodh "Tiarna Mírialaithe" i gceiliúrtha Críostaithe níos déanaí.
Tugadh isteach an Saturnalia timpeall 217 R.Ch. chun meanma an phobail d'ardú. Ghlac na Rómhánacha go dona leis an díomua in aghaidh na Cartagaigh.
Féile aon lae a bhí ann ar dtúis, ar 17 Nollaig, ach bhí an oiread sin tóra air gur chuaigh sé i bhfad nó gur ragairne seachtaine a bhí ann, a thagadh chun deiridh ar 23 Nollaig[1].
Theip ar iarrachtaí an comóradh a chiorrú. Rinne an t-Impire Ágastas iarracht é a ghearradh go dtí trí lá, agus rinne Caligula iarracht é a ghearradh go dtí cúig lá. Lean círéib agus éirí amach i measc na Rómhánach na hiarrachtaí seo.
Nósanna
cuir in eagarDeintí na gnáth-íobairtí le linn an tSaturnalia. Mar bharr orthu sin, cuirtí tolg (lectisternium) amach os comhair theampall Shatairn, agus scaoiltí na téadacha a bhíodh ceangailte timpeall dhealbh Shatairn le linn an chuid eile don mbliain. Toghtaí "Saturnalicius princeps" mar mháistir deasghnátha dosna himeachtaí.
Le cois na ndeasghnáthanna poiblí bhíodh sraith laethanta saoire agus nósanna a leantaí go príobháideach. Ina measc seo bhíodh lá saoire scoile, déantús agus bronnadh féiríní (saturnalia et sigillaricia), agus margadh fé leith (sigillaria). Tugtaí cead do chách, sclábhaithe fiú, dul i mbun cearrbhachais. Ócáid chóisire, óil, agus spraoi ab ea an Saturnalia. Ní chaití an toga, ach ina ionad éadaí dathúla neamhfhoirmiúla. Mar aon leis sin bhíodh an "pileus" (caipín an iarsclábhaí) á chaitheamh ag cách.
Bhaineadh na Rómhánaigh leas as an gcuileann agus iad ag comóradh Saturnalia (lean na Críostaithe an nós ar a mbealach féin).[2]
Bhíodh sclábhaithe saor ó phionós, agus thugaidís íde bhéil agus easurraim dá máistrí, mar dhea. Cheiliúradh na sclábhaithe cóisir, agus bhí ar a máistrí freastal orthu. Ach ba chur i gcéill an mhalairt áite seo don gcuid is mó---mar shampla, ba iad na sclábhaithe féin fós a d'ullmhaigh béile na cóisire, agus béile a máistir chomh maith. Díolúine theoranta ab ea é.
Ba í gnáth-bheannacht na hócáide ná "Io, Saturnalia!". Is ionann an intriacht sa Laidin "io" agus "Á", mar "Á, (moladh do) Satarn!"
Oidhreacht
cuir in eagarCeaptar go n-eascraíonn roinnt nósanna a bhaineann inniu leis an Nollaig as an Saturnalia.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Dies Natalis Solis Invicti
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (22 Nollaig 2019). "Dlúthchuid den Nollaig an cuileann, an t-eidhneán agus an drualus" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-17.