Ba é Caesar Ágastas (23 Meán Fómhair 63 RCh - 19 Lúnasa AD 14), ar a dtugtar Octáivian (Laidin: ainm Octavius, aidiacht Octavianus), an chéad Impire Rómhánach, a tháinig i réim ón 27 RC go dtí a bhás in AD 14.

Infotaula de personaImperator
Ágastas
Pater Patriae

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Imperator Caesar Divi f. Augustus
Beathaisnéis
Breith(la) C. Octavius C.f.
23 Meán Fómhair 63 "RCh"
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Lúnasa 14
75 bliana d'aois
Nola (Impireacht na Róimhe)
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaMausoleum of Augustus (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe
luach anaithnid – luach anaithnid
Triumvir rei publicae constituendae (en) Aistrigh
43 "RCh" – 33 "RCh"
Consal Rómhánach
33 "RCh" – 33 "RCh"
In éineacht le: Lucius Volcatius Tullus (en) Aistrigh
1 Impire Rómhánach Impireacht na Róimhe
Eanáir 27 "RCh" – 19 Lúnasa 14
← luach ar iarraidh – Tibir →
Pontifex maximus
13 "RCh" –
← Lepidus (en) Aistrigh
Cinsire Rómhánach
Treabhann
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCreidimh na Sean-Róimhe
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir de chuid na Sean-Róimhe, saighdiúir in Arm na Sean-Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaLate Roman Republic (en) Aistrigh, Ard-Impireacht na Róimhe, an Éigipt Ghréag-Rómhánach, an Éigipt Rómhánach, principatus Romanus agus Julio-Claudian dynasty (en) Aistrigh
TeangachaAn Laidin
Gairm mhíleata
Céim mhíleataImperator Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalAugustus Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachJulio-Claudian dynasty (en) Aistrigh, Julii Caesares (en) Aistrigh agus Octavii Rufi (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileLivia (37 "RCh"–14), bás
Scribonia (40 "RCh"–38 "RCh"), colscaradh
Claudia (42 "RCh"–40 "RCh"), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíSalvia Titisenia Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJulia the Elder
 ( Scribonia)
Tibir, mac uchta
 ( Tiberius Claudius NeroLivia)
Lucius Caesar, mac uchta
 ( Marcus Vipsanius AgrippaJulia the Elder)
Gaius Caesar, mac uchta
 ( Marcus Vipsanius AgrippaJulia the Elder)
Aigripe Postumus, mac uchta
 ( Marcus Vipsanius AgrippaJulia the Elder) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGaius Octavius (en) Aistrigh agus Iúil Caesar  agus Atia
SiblínOctavia Óg agus Octavia Mór
Duine muintearthaIúil Caesar (seanuncail, athair uchtaíoch)
Julia Minor (máthair mháthar)
Marcellus (nia, mac cleamhnais)
Nero Claudius Drusus (leasmhac)
Tibir (leasmhac)
Cornelia (leasiníon) Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 8215554 Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig Ágastas i gcomharbas ar Iúil Caesar. Chuir Ágastas deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur sa Róimh ó laethanta Iúil Caesar anuas, agus bhunaigh sé rítheaghlach na gCaesar.[1] Thug sé le tuiscint nach raibh sé ach ag iarraidh Poblacht na Róimhe a thabhairt ar ais agus a atógáil, ach le fírinne, is é an rud a rinne sé ná an phoblacht sin a iompú ina himpireacht oidhreachtúil.[2]

Ainm agus Dintiúirí Ágastais

cuir in eagar

Nuair a saolaíodh Ágastas, is é an chéad ainm a fuair sé ná Gaius Octavius Thurinus, cé nach bhfuiltear cinnte faoin sloinne breise (cognomen) sin Thurinus. Ina thiomna, d'uchtaigh Iúil Caesar é, cé nach bhfuil sé cinnte, an raibh a leithéid d'uchtú ag cur le dlíthe na Róimhe. Cibé scéal é, i ndiaidh an uchtaithe, ghlac Ágastas air a ainm siúd, mar atá, Gaius Iulius Caesar, agus is féidir nár bhac sé le "Octavianus" a chur lena ainm, mar ba nós ina leithéidí de chásanna. Mar sin féin, is gnách "Octavianus" a thabhairt air sa litríocht stairiúil. Maidir leis an ainm onórach Augustus, nó an tUrramach, fuair sé ón Seanad é ar an 16ú hEanáir 27 r. Chr. Ar lá a bháis, is é an teideal oifigiúil a bhí air ná: Imperator Caesar Divi filius Augustus, Pontifex Maximus, Consul XIII, Imperator XXI, Tribuniciae potestatis XXXVII, Pater patriae, is é sin, an tImpire Urramach, Séasar, Mac an Té a Diagaíodh, Ard-Shagart, ar bronnadh cumhachtaí an chonsail air trí huaire déag, cumhachtaí an Impire—aon uair is fiche, agus cumhachtaí an treabhainn—seacht n-uaire déag is fiche; agus Athair na Tíre Dúchais.

An duine a chaitheann súil ar shaol Ágastais, is ar éigean is féidir leis gan an dá Ágastas a aithint.

  • Ó thaobh amháin, feicfidh sé polaiteoir óg uaillmhianach, fiú cruálach, nár bhac le dlí ná le scrupaill choinsiasa agus é ag cur catha leis an gcumhacht is airde sa tír a bhaint amach.
  • Ón taobh eile, casfar Impire aibí air a bhain úsáid chiallmhar as an gcumhacht sin le córas nua polaitiúil a chur ar bun in áit na poblachta a bhí curtha ó mhaith ag na síorchogaí cathartha.

Mac le Gaius Octavius agus a bhean chéile Atia ab ea Ágastas, agus ba neacht le hIúil Caesar í Atia. Mionuaisle ab ea muintir Octavius, is é sin, bhí baint acu le haicme na n-equites—ridirí na Róimhe. Bhí Atia sách saibhir, ach ní raibh cara sa chúirt aici. Deirtear nach raibh Gaius Octavius ach ina iasachtóir airgid ar dtús, ach in imeacht na mblianta, bhain sé amach seanadóireacht agus praetóireacht.

Cailleadh Gaius Octavius sa bhliain 58 roimh bhreith Chríost, agus chaith a mhac an chéad chúpla bliain ar fheirm a mháthara móire, Iulia, i Velitrae. Deirfiúir le hIúil Caesar ab ea Iulia. Ina dhiaidh sin, chuir Octavius óg faoi i dteach a leasathara Lucius Marcius Philippus.

Ó nach raibh mac dlisteanach eile ag Iúil Caesar, ghlac sé lena gharnia mar mhac altrama, agus chuaigh Octavius óg chun cogaidh le taobh Caesar.

Sa bhliain 45 roimh bhreith Chríost, bhí an bheirt acu sa Spáinn ag cur troda ar chlann mhac Pompeius, agus chuaigh crógacht an ógánaigh go mór mór i gcion ar Caesar.

Bhí Octavius óg le páirt a ghlacadh san fheachtas in aghaidh na bPartach mar oifigeach marcshlua. Ach ansin, chuala sé iomrá ar an dóigh ar dúnmharaíodh Caesar, agus d'fhill sé go dtí an Róimh. Ar an mbealach, fuair sé amach go raibh Caesar i ndiaidh é a uchtú ina thiomna, agus an chuid ba mhó de shaibhreas Caesar ag dul dó féin dá bharr sin.

A bhealach chun cumhachta

cuir in eagar

Go bunúsach, ní raibh forálacha dlí sa Róimh a cheadódh a leithéid d'uchtú iarbháis. Mar sin féin, ghlac Octavianus ainm Caesar air féin. Ar dtús, níor ghlac sé páirt ar bith sa chogadh cathartha a bhí ag lasadh suas arís idir lucht leanúna Iúil Caesar, a raibh Marcus Antonius i gceannas orthu, agus a chuid naimhde, ar nós Gaius Cassius Longinus agus Marcus Iunius Brutus, a bhí ag iarraidh Poblacht na Róimhe a athbheochan i ndiaidh dheachtóireacht Caesar.

 
dealbh bhrád, Musée Saint-Raymond, Toulouse
 
bonn airgid, UPenn Mus. Anthr.&Archaeology

Bhí Marcus Antonius ina iar-ghinearál airm de chuid Caesar agus ina chomh-Chonsal leis. Mar sin, ní raibh sé sásta maoin shaolta Caesar a thabhairt d'Octavianus óg. Nuair a chrom Octavianus ar an gcuid eile d'uacht Caesar a chomhlíonadh, agus é ag íoc phinsin na seansaighdiúirí as a phóca féin - nó, le bheith beacht, as an gciste cogaidh a bhí bailithe le haghaidh an fheachtais in aghaidh na bPartach—thug muintir na Róimhe taitneamh dó mar fhear onórach.

D'iompaigh an luiteamas seo ina thacaíocht pholaitiúil go gasta. Fuair Octavianus cuidiú ó Marcus Tullius Cicearó, an seanadóir agus an t-iar-Chonsal, a bhí den bharúil go mbainfeadh an fear óg cuid den tábhacht pholaitiúil de Marcus Antonius. Bhí Cicearó féin ag tacú leis an bPoblacht, cé nár ghlac sé páirt sa chomhcheilg a mharaigh Caesar. D'fháiltigh Octavianus an tacaíocht a fuair sé ó Cicearó, ach bhí pleananna dá chuid féin aige. Ní bheadh sé ina bhalbhán ag Cicearó, cé go raibh sé siúd ag iarraidh a úsáid féin a bhaint as Octavianus.

Comhghuaillíocht le dúnmharfóirí Iúil Caesar

cuir in eagar
 
30 RC, Capitoline, An Róimh

Nuair a bhí Antonius ag cur cogaidh ar Decimus, deartháir Brutus, sa Ghaill, d'earcaigh Octavianus arm agus shealbhaigh sé an Róimh. Faoi bhrú a chuid díormaí, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na Seanadóirí ach cumhachtaí an tSeanadóra agus an iar-Chonsail a bhronnadh air agus é a dhíolmhú ó na dlíthe nach gceadódh d'fhear chomh hóg a leithéid de chumhachtaí a bheith aige.

Anois, bhí Octavianus sásta dul i gcomhghuaillíocht, fiú, leis na poblachtánaigh, cé gurbh iadsan a mharaigh a uchtathair Iúil Caesar. Sa bhliain chéanna, rug seisean agus a chuid comhghuaillithe, na Consail Aulus Hirtius agus Gaius Vibius Pansa, bua ar dhíormaí Antonius ag Mutina (Modena atá ar an gcathair seo inniu).

Fuair Hirtius agus Vibius Pansa bás sna cathanna, agus fágadh an t-arm faoi cheannas Octavianus amháin. Anois, ní raibh sé le stopadh. Le lámh láidir a chuid saighdiúirí, chuir sé d'iallach ar an Seanad é féin a thoghadh mar Chonsal agus dúnmharfóirí Caesar a eisreachtú.

Mar sin, thréig sé na poblachtánaigh agus chuaigh sé le lucht leanúna Caesar lena dhíoltas a agairt ar na dúnmharfóirí. Bhí sé, fiú, sásta triúracht nua a shocrú le Marcus Antonius agus le Marcus Aemilius Lepidus, nach raibh an tábhacht leis sa triúracht seo agus a bhí leis an mbeirt fhear eile. Mar threisiú leis an gcomhghuaillíocht seo, phós Octavianus leasiníon Antonius, Clodia.

 
Domus-Augusti[3]

An Dara Triúracht

cuir in eagar

Bhí an Dara Triúracht seo go hiomlán i dtuilleamaí an fhórsa mhíleata, agus níl sé as cosán a rá gur deachtóirí míleata ab ea na triúraithe. Ar an 23ú lá de Mhí na Samhna 43 RC, fuair siad cumhachtaí oifigiúla an deachtóra ón Seanad go ceann cúig bliana.

 
Domus-Augusti[3]

D'eisigh siad liostaí fada d'eisreachtaithe—daoine a bhí le cur chun báis a thúisce is a thiocfaí suas leo. Bhí Cicearó ar dhuine acu sin, nó ní cheadódh Antonius dó siúd éalú óna dhíoltas. Maraíodh Cicearó agus tugadh íde uafásach dá chorpán, nó gearradh na lámha de agus cuireadh ar taispeántas sa Róimh iad. Ní raibh Octavianus sásta leis an eisreachtú, ach nuair a socraíodh an scéal, bhí sé ní ba déine ná Antonius féin á chur i gcrích.

Bhí na triúraithe ag súil leis go n-éireoidís saibhir ar na heisreachtuithe, ach ar a laghad, rinne an feachtas géarleanúna an-tanú ar na ciorcail phoblachtánacha sa Seanad, agus chuir na triúraithe daoine de lucht a leanúna féin ina n-áit. Mar sin, chuaigh an poblachtánachas i laige i measc na n-aicmí cumhachta. Dúirt an staraí Ronald Syme, fiú, agus dearcadh criticiúil aige ar Ágastas, gur réabhlóid a bhí i gceist leis an athrú foirne seo.

 
Domus-Augusti[3]

Sa bhliain 42 roimh bhreith Chríost, thug Antonius agus Octavianus aghaidh ar an nGréig, áit a raibh Marcus Iunius Brutus agus Caius Cassius Longinus ag slógadh a gcuid saighdiúirí. Chuir na triúraithe cath ar Brutus agus Longinus, agus nuair a briseadh an cath ar an mbeirt sin, bhí poblacht na Róimhe cloíte go héag: ní raibh sí le hathbheochan a thuilleadh. B'é Antonius a thabhaigh an chuid ba mhó den onóir a bhí ag dul leis an mbua seo, agus é ag dearscnamh thar an mbeirt triúraithe eile i gcumhacht.

Ar 16 Eanáir sa bhliain 27 RC, vótáil Seanad na Róimhe na teidil Augustus nó Ágastas, agus Princeps d'Imperator Caesar Divi Filius a bhronnadh ar Gaius Octavius,[4] céim a mheastar gurb í an t-athrú ó Phoblacht na Róimhe go dtí Impireacht na Róimhe. Leis sin, tháinig coincheap na himpireachta ar an bhfód i smaointeoireacht na hEorpa maidir leis an bpolaitíocht agus an dlí.[5]

Is é fírinne an scéil nach raibh i socrú 27 RC ach bearta eatramhacha agus mar gheall ar na brúnna a bhí ar Ágastas bréagphoblacht agus an ceannasacht sa stát a bhí aige a thabhairt le chéile, deonaíodh cumhachtaí dlí ní b'fhoirmiúla dó sa bhliain 23RCR, a bhfuil teideal níos fearr acu a bheith mar bhunús leis an gcóras impireachta.

Sa chuntas a thug Ágastas féin ar a shaol poiblí, Res Gestae Divi Augusti, rinne sé tagairt ar na honóracha a bronnadh air sa bhliain 27RCR amháin, gan aon rud a rá faoi na cumhachtaí a tugadh dó ceithre bliana dár gcionn.[5]

" ... tar éis dom na cogaí cathartha a mhúchadh, ó fuair mé ollsmacht ar ghnóthaí stáit d'aon ghuth, thug mé an phoblacht  as mo smacht féin ar láimh do Sheanad agus  pobal na Róimhe. Mar gheall ar an tseirbhís seo tugadh an teideal Ágastas dom de réir foraithne de chuid an tSeanaid ... As sin amach bhí tosaíocht agam ar gach uile dhuine ó thaobh na céimíochta de, ach ní raibh mo chuid cumhachta níos mó ná an méid a bhí ag mo chomhghleacaithe in oifig poiblí ar bith.".[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. ""Beathaí na gCaesar"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-01-16.
  2. "LacusCurtius • Res Gestae Divi Augusti (VI)". penelope.uchicago.edu. Dáta rochtana: 2023-01-16.
  3. 3.0 3.1 3.2 "House of Augustus" (as en) (2022-06-18). Wikipedia. 
  4. "Augustus Caesar - New World Encyclopedia". www.newworldencyclopedia.org. Dáta rochtana: 2023-01-16.
  5. 5.0 5.1 5.2 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Augustus appellátus sum". Dáta rochtana: 2023.