Marcas Antaine

(Athsheolta ó Marcus Antonius)

Ba pholaiteoir agus ghinearál Rómhánach cáiliúil é Marcas Antaine (Laidin:Marcus Antonius) a d'imir ról ríthábhachtach i dtarfhoirmiú Phoblacht na Róimhe ó holagarcacht go dtí an Impireacht (uathlathach) Rómánach.

Marcas Antaine
M Antonius.jpg
treabhann na bpleibeach


Master of the Horse (en) Aistrigh


proconsul (en) Aistrigh


King consort (en) Aistrigh

32 "RCh" - 30 "RCh"
Consal Rómhánach

34 "RCh" - 34 "RCh"
triumvir rei publicae constituendae (en) Aistrigh

43 "RCh" - 33 "RCh"
Consal Rómhánach

44 "RCh" - 44 "RCh"
Seanadóir de chuid na Sean-Róimhe

luach anaithnid - luach anaithnid
Saol
Eolas breitheAn Róimh, 14 Eanáir 83 BC, 83 BC
NáisiúntachtAn tSean-Róimh
BásCathair Alastair, 1ú Lúnasa 30 BC, 30 BC
Cúis bháisféinmharú
Muintir
AthairMarcus Antonius
MáthairJulia
Céile/CéilíFadia (en) Aistrigh
Cléópatra  (32 "RCh" -  30 "RCh")
Octavia the Younger (en) Aistrigh  (40 "RCh" -  32 "RCh")
Fulvia (en) Aistrigh  (45 "RCh" -  40 "RCh")
Antonia Hybrida Minor (en) Aistrigh  (50s "RCh" -  46 "RCh")
Páirtí/PáirtitheVolumnia Cytheris (en) Aistrigh
Glaphyra (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
Oideachas
TeangachaAn Laidin
Gairm
Gairmpolaiteoir de chuid na Sean-Róimhe agus Ancient Roman military personnel (en) Aistrigh
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agCath Aictiam
Battle of Pharsalus (en) Aistrigh
Battle of Philippi (en) Aistrigh
Cogaí na nGallach

Bhí Marcus Antonius go mór i bhfách le Iúil Caesar, agus rinne sé seirbhís mar cheann amháin dá ghinearáil, le linn Chogadh na nGallach agus an cogaidh chathartha. Ceapadh Marcus Antomius ina riarthóir na hIodáile, le linn do Chaesar a chéile comhraic polaitiúla sa Ghréig, san Afraic Thuaidh agus san Spáinn a dhíothú. Tar éis gur maraíodh Caesar, sa bhliain 44 RC, chuaigh Marcus Antonius i bpáirt le fórsaí Mharcuis Aemilius Lepidus, ceann eile de ghinearáil Chaesair, agus Octavian, nia Chaesair agus a mhac uchtaithe, ag cur ar bun deachtóireacht thriúracht ar a dtugtar sa stair an Triúir-Fhlaitheas. Chloigh fórsaí an Thriúir-Fhlaithis dúnmharfóirí Chaesair, na Liberatores, ag Cath Filippi, sa bhliain 42 RC, agus roinneadar rialtas na Poblachta idir iad féin. Tugadh cúigí oirthearacha na Róimhe do MharcusaAntonius, lena n-áirítear cliant-ríocht na hÉigipte, A bhí ansin faoi riail Chléópátra VII Philopator, agus tugadh ceannasaíocht dó cogadh a fhearadh ar Pharthia.

An Mheánmhuir ársa sa bhliain 50 RC ag deireadh Chogaí na  nGallach, le críoch na Róimhe sa dath buí.

LuathshaolCuir in Eagar

Comhalta den gens pleibeach Antonia, rugadh M. Antonius sa Róimh ar 14 Eanáir, 83 RC. [1][2] Ba é Marcus Antonius Creticus a athair agus a chomhainmneach, mac an oratóra leis an ainm céanna, a dúnmharaíodh le linn Ollsceimhle Mhairias, le linn an gheimhridh 87-86 RC.[3] Ba é Giulia Antonia a mháthair, col ceathrar i bhfad amach d'Iúil Caesar. Ba naíonán é M. Antonius tráth gur mháirseáil Lucius Cornelius Sulla ar an Róimh, sa bhliain 82 RC. [4]

 
Lucius, deartháir M. Antonius, ar bhoinn a eisíodh ag Eifeasas, le linn a chonsalachta, sa bhliain 41 RC

Dar leis an oratóir Rómhánach Marcus Tullius Cicero, bhí athair M. Antonius neamhinniúil agus éillitheach, agus níor tugadh cumhacht dó ach toisc nach raibh sé in ann í a úsáid nó a mhí-úsáid go héifeachtach.[5] Sa bhliain 74 RC tugadh ceannas míleata dó chun foghlaithe na Meánmhara a chosc, ach fuair sé bás sa Chréit sa bhliain 71 RC, gan dul chun cinn suntasach a dhéanamh.[3][5][6] D'fhág bás Antonius an seanóir, M. Antonius agus a dheartháireacha, Lucius agus Gaius, faoi chúram a máthair, Julia, a phós ina dhiaidh sin Publius Cornelius Lentulus Sura, baill ríthábhachtach de chuid na seanuaisleachta Paitríocha.[7] Bhí Lentulus, in ainneoin leas a bhaint as a rath polaitiúil le haghaidh ratha airgeadais, i bhfiacha i gcónaí mar gheall ar ainmheasarthacht a stíl mhaireachtála. Ba phearsa lárnach é sa Dara Comhcheilg Chaitilíneach agus cuireadh é chun báis go hachomair ag orduithe an Chonsail Cicearó sa bhliain 63 RC, de bharr a rannpháirtíocht. [7]Mar thoradh air ar a bhás, bhí easaontas géar idir M. Antonius agus an oratór cáiliúil.

Cogadh catharthaCuir in Eagar

 
Bhí Cato Óg, ball de dhream na hOptimates, ar cheann de phríomh-ailtirí na bhforaitheanta, a spreag Caesar le cogadh sibhialta a thosnú.
 
Cath Pharsalus: cath cinntitheach Chogadh Sibhialta Chaesair. Bhí Marcus Antonius i gceannas ar sciathán clé d'arm Chaesair.

NótaíCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Plutarch, Life of Antony 86.5.
  2. Suerbaum 1980, 327–34.
  3. 3.0 3.1 Huzar 1978, p. 14
  4. Goldsworthy, 2010, p. 39
  5. 5.0 5.1 Huzar 1978, p. 15
  6. Scullard 1980, p. 154
  7. 7.0 7.1 Huzar 1978, p. 17

PríomhfhoinsíCuir in Eagar

Foinsí tánaisteachaCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar