Cléópatra
Banríon ab ea Cléópatra VII Philopator (as Gréigis, Κλεοπάτρα Φιλοπάτωρ; 69 RCR. – 30 RCR). Rialaigh sí an tSean-Éigipt in aice lena hathair, agus ansin lena deartháireacha, agus sa deireadh ina haonar.
Cléópatra | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Lúnasa 29, 51 "RCh" - Lúnasa 12, 30 "RCh" ← Ptolemy XII Auletes (en) ![]() | |||
Saol | |||
Eolas breithe | Cathair Alastair, 13 Eanáir 69 BC | ||
Náisiúntacht | Sean-Éigipt | ||
Grúpa eitneach | Greeks in Egypt (en) ![]() | ||
Teanga dhúchais | An Ghréigis choitianta | ||
Bás | Cathair Alastair, 12 Lúnasa 30 BC | ||
Áit adhlactha | Cathair Alastair | ||
Cúis bháis | féinmharú (nimhiú) | ||
Muintir | |||
Athair | Ptolemy XII Auletes | ||
Máthair | Cleopatra V of Egypt | ||
Céile/Céilí | Marcus Antonius (32 "RCh" - 30 "RCh") Ptolemy XIII Theos Philopator (en) ![]() Ptolemy XIV of Egypt (en) ![]() | ||
Páirtí/Páirtithe | Iúil Caesar | ||
Páistí | |||
Siblíní | liosta iomláin
| ||
Treibh | Ptolemaic dynasty (en) ![]() | ||
Oideachas | |||
Teangacha | An Ghréigis choitianta An Éigiptis An Aramais Meroitic (en) ![]() An Laidin Siricis Sean-Araibis An Mhéidis Parthian (en) ![]() | ||
Gairm | |||
Gairm | rí agus monarc | ||
Seirbhís mhíleata | |||
Throid sé/sí ag | Cath Aictiam |
SaolCuir in Eagar
De réir nós na nÉigipteach, bhí Cléópatra pósta ar a deartháir. Bhí caidreamh collaíochta aici le hIúil Caesar nuair a thaisteal sé go dtí an Éigipt sa bhliain 48 RCR, áfach. Rugadh mac di le Caesar, ar ar bhaist sí an t-ainm Caesarion, agus bhí Caesar sásta an atharthacht a admháil. Mar sin féin, níor fhág sé aon oidhreacht ag Caesarion ina thiomna.
Ní rithfeadh leis riamh Cléópatra a phósadh, ach an oiread, nó bheadh a chnaipe déanta mar pholaiteoir sa Róimh dá bpósfadh. Tar éis a bháis, bhí triúr páiste ag Cléópatra in éineacht le Marcas Antaine. Nuair a bhuaigh Octáivian orthu ag cath Actium, theith Cléópatra.
Fuair Antaine bás faoina lámh féin agus deirtear gur sháigh sé é féin sa bholg lena chlaíomh gearr Rómhánach.
Chuir Cléópatra lámh ina bás féin freisin. Níor mhínigh a lia a cúis báis ach de réir na tuairime choitianta, lig sí d'asp nó cobra í a priocadh. Is léir gur mharaigh Octáivian Caesarion, in aois ocht mbliana déag dó agus é ag teitheadh sa bhliain chéanna.
SeandálaíochtCuir in Eagar
Níor thángthas ar thuama Cleopatra riamh.
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |