Marcas Antaine
Ba pholaiteoir agus ghinearál Rómhánach cáiliúil é Marcas Antaine (Laidin:Marcus Antonius) a d'imir ról ríthábhachtach i dtarfhoirmiú Phoblacht na Róimhe ó holagarcacht go dtí an Impireacht (uathlathach) Rómánach.
Bhí Marcus Antonius go mór i bhfách le Iúil Caesar, agus rinne sé seirbhís mar cheann amháin dá ghinearáil, le linn Chogadh na nGallach agus an cogaidh chathartha. Ceapadh Marcus Antomius ina riarthóir na hIodáile, le linn do Chaesar a chéile comhraic polaitiúla sa Ghréig, san Afraic Thuaidh agus san Spáinn a dhíothú. Tar éis gur maraíodh Caesar, sa bhliain 44 RC, chuaigh Marcus Antonius i bpáirt le fórsaí Mharcuis Aemilius Lepidus, ceann eile de ghinearáil Chaesair, agus Octavian, nia Chaesair agus a mhac uchtaithe, ag cur ar bun deachtóireacht thriúracht ar a dtugtar sa stair an Triúir-Fhlaitheas. Chloigh fórsaí an Thriúir-Fhlaithis dúnmharfóirí Chaesair, na Liberatores, ag Cath Filippi, sa bhliain 42 RC, agus roinneadar rialtas na Poblachta idir iad féin. Tugadh cúigí oirthearacha na Róimhe do MharcusaAntonius, lena n-áirítear cliant-ríocht na hÉigipte, A bhí ansin faoi riail Chléópátra VII Philopator, agus tugadh ceannasaíocht dó cogadh a fhearadh ar Pharthia.
Luathshaol
cuir in eagarComhalta den gens pleibeach Antonia, rugadh M. Antonius sa Róimh ar 14 Eanáir, 83 RC.[1][2] Ba é Marcus Antonius Creticus a athair agus a chomhainmneach, mac an oratóra leis an ainm céanna, a dúnmharaíodh le linn Ollsceimhle Mhairias, le linn an gheimhridh 87-86 RC.[3] Ba é Giulia Antonia a mháthair, col ceathrar i bhfad amach d'Iúil Caesar. Ba naíonán é M. Antonius tráth gur mháirseáil Lucius Cornelius Sulla ar an Róimh, sa bhliain 82 RC.[4]
Dar leis an oratóir Rómhánach Marcus Tullius Cicero, bhí athair M. Antonius neamhinniúil agus éillitheach, agus níor tugadh cumhacht dó ach toisc nach raibh sé in ann í a úsáid nó a mhí-úsáid go héifeachtach.[5] Sa bhliain 74 RC tugadh ceannas míleata dó chun foghlaithe na Meánmhara a chosc, ach fuair sé bás sa Chréit sa bhliain 71 RC, gan dul chun cinn suntasach a dhéanamh.[3][5][6] D'fhág bás Antonius an seanóir, M. Antonius agus a dheartháireacha, Lucius agus Gaius, faoi chúram a máthair, Julia, a phós ina dhiaidh sin Publius Cornelius Lentulus Sura, baill ríthábhachtach de chuid na seanuaisleachta Paitríocha.[7] Bhí Lentulus, in ainneoin leas a bhaint as a rath polaitiúil le haghaidh ratha airgeadais, i bhfiacha i gcónaí mar gheall ar ainmheasarthacht a stíl mhaireachtála. Ba phearsa lárnach é sa Dara Comhcheilg Chaitilíneach agus cuireadh é chun báis go hachomair ag orduithe an Chonsail Cicearó sa bhliain 63 RC, de bharr a rannpháirtíocht.[7]Mar thoradh air ar a bhás, bhí easaontas géar idir M. Antonius agus an oratór cáiliúil.
Cogadh cathartha
cuir in eagarNótaí
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarPríomhfhoinsí
cuir in eagar- Dio Cassius xli.–liii
- Appian, Bell. Civ. i.–v.
- Caesar, Commentarii de Bello Gallico and Commentarii de Bello Civili
- Cicero, Letters and Philippics
- Orations: The fourteen [[Philippicae|Philippics against Marcus Antonius ~ Tufts University Classics Collection]
- Plutarch, Parallel Lives (Lives of the Noble Greeks and Romans)
- Plutarch's Parallel Lives: "Antony" ~ Internet Classics Archive Curtha i gcartlann 2011-01-06 ar an Wayback Machine (MIT)
- Plutarch's Parallel Lives: "Pompey" ~ Internet Classics Archive Curtha i gcartlann 2005-02-19 ar an Wayback Machine (MIT)
- Plutarch's Parallel Lives: "Life of Antony" – Loeb Classical Library edition, 1920
- Plutarch's Parallel Lives: "The Comparison of Demetrius and Antony" ~ Internet Classics Archive Curtha i gcartlann 2005-02-04 ar an Wayback Machine (MIT)
- Josephus, The Jewish War
- Velleius Paterculus, The Roman History, II.60–87.