Nathair nimhiúil, dúchasach do dheisceart na hÁise is an Afraic is ea an cobra. Tugtar cobra ar a lán speiceas, an chuid is mó díobh san fhine Elapidae. Faightear iad san Afraic agus i ndeisceart na hÁise. Is é "cobra" an focal sa Phortaingéilis ar nathair.

Cobra Indiach den chineáal a thugtar naja naja air. Tá a "chochall" leata aige.

Is féidir leis an gcobra na filltí scaoilte craicinn ar a mhuineál leathadh amach mar chochall nuair a scanraítear é. An nimh, a ionsaíonn an córas néarógach, níos nimhiúla ná nathracha eile. Áitríonn sé foraoisí de ghnáth, ach tír oscailte freisin. Is féidir le cobra seileog nimhe a stealladh chomh fada le 3 m isteach i súile ainmhí bhagraigh, rud a fhéadfaidh é a dhalladh go buan. Is é an ríchobra an nathair nimhe is mó dá bhfuil ann. Cobra a bhíonn ag an mealltóir nathrach Indiach.[1]


Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cobra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 152.