Caligula
Impire Rómhánach ab ea Gaius Iulius Caesar Germanicus nó Caligula, a leasainm (31 Lúnasa 12 - 24 Eanáir 41).
Saol
cuir in eagarThóg a athair, Gearmánacas, é i nDúiche na Réine agus tugadh an leasainm air nuair a bhí sé ina gasúir (ó caliga nó caligae, nó buatais bheag[1]).[2]
Réim
cuir in eagarTháinig Caligula i gcomharbacht ar Tiberius, in aois 77 dó, nuair a bhásaigh an t-impire.
Thosaigh rialú Caligula go maith, rialtóir uasal measartha a bhí ann. Ach nuair a bhí an chéad bhliain dá thréimhse ina impire ag druidim chun deireanais, tháinig tinneas air. Deir na staraithe go raibh Caligula as a mheabhair ina dhiaidh sin. Mar shamplaː
- Bhí ráflaí ann ag an am go raibh sé ag bualadh craicinn lena chuid deirfiúracha agus teach striapachais a bhí sa phálás i ndáiríre.
- Chuaigh sé ar fheachtais mhíleata an-amaideach chuig an nGearmáin agus chuig an mBreatain; rinne sé consal dá chapall. .Bhuaileadh taomanna feirge é.
- D'ordaigh Caligula go dtógfaí dealbha de ar fud na hImpireachta. Cuireadh olc ar na Giúdaigh nuair a tógadh dealbh i lár an teampaill in Iarúsailéim.
Dúnmharú
cuir in eagarMharaigh cuid den Gharda Praetóireach Caligula sa Róimh ar 24 Eanáir 41. Maraíodh a bhean chéile, Caesonia agus a iníon Julia Drusilla chomh maith.
Bhí Cassius Chaerea i mbun na ceannaircí. Bhí cuid eile na bPraetóireach thar a bheith míshásta le Chaerea agus cuireadh chun báis é.
Tháinig uncail Caligula, Claudius i gcomharbacht air.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Caligae" (as en) (2020-12-19). Wikipedia.
- ↑ Coimisiún na Scrúduithe Stáit / Irish State Examinations Commission (AN ARDTEISTIMÉIREACHT 2010). "LAIDIN - AISTRIÚCHÁN AR SCÉIM MHARCÁLA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2021.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |