I gcomóradh na Nollag, is gnách maisiúcháin agus soilse a chur ar chrann síorghlas ar a dtugtar crann Nollag. Cuirtear an crann ina sheasamh i dtithe príobháideacha nó in áiteanna poiblí le linn na Nollag. Bíonn aingeal nó réalta ar bharr an chrainn go minic chomh maith, i gcuimhne ar Réalta na Beithile. Úsáidtear crainn shaorga uaireanta freisin sa lá inniu, déanta as plaisteach. De ghnáth, fágtar bronntanais Nollag ag bun an chrainn sna laethanta roimh an Nollaig.

Crann Nollag coitianta.

Níl na scoláirí ar aon intinn faoi bhunús an nóis seo, ach tuigtear gur cuireadh tús leis i dtuaisceart na Gearmáine sa 16ú haois.