Crann
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is planda mór adhmadach é an crann. Fásann sé go hard agus bíonn sé fréamhach, craobhach agus bíonn géaga air. Fásann duilleoga ar na géaga. Is é an tamhan croíleacán an chrainn. Is as an tamhan a fhásann na craobhacha. Bíonn an tamhan clúdaithe le coirt. Gach bliain, méadaíonn an tamhan. Fásann coirt nua air agus bíonn gach coirt níos leithne ná an ceann roimhe. Bíonn na coirteacha seo ar nós fáinní sa tamhan.
Tá tábhachtach thar na bearta ag baint le crainn. Gan iad ní bheadh formhór na nithe beo ar domhan in ann maireachtáil in aon chor. Cuidíonn crainn le creimeadh a sheachaint nó a mhaolú. Súnn crainn agus plandaí dé-ocsaíd charbóin isteach agus scaoileann siad ocsaigin amach. Murach crainn, ní bheadh a dhóthain ocsaigin ar fáil do na nithe eile atá beo. Cónaíonn ainmhithe i gcrainn nó i scáth crainn. Tógann éanlaithe neadacha i gcraobhacha. Cónaíonn ioraí i bpoill i dtamhain na gcrann.
Itear baill éagsúla an chrainn. Itheann daoine agus ainmhithe eile torthaí na gcrann amhail úlla, oráistí, bananaí agus araile. Itear cnónna freisin. Itheann feithidí agus ainmhithe na duilleoga.
Baintear feidhm as chrainn mar ábhar tógála. Déanann éanlaithe a neadacha le duilleoga agus géaga bídeacha. Leagann agus gearrann daoine crainn chun troscáin a dhéanamh. Gearrtar na crainn agus glaoitear adhmad ar an ábhar crua a fhaightear ón gcrann. Níl teorainn leis na mbealaí ar féidir feidhm a bhaint as adhmad.
AicmíCuir in Eagar
Is féidir crainn a aicmiú in dhá aicme - duillsilteach agus buaircíneach. Titeann na duilleoga ó na crainn duillsilteacha san fhómhair de ghnáth. Fanann na duilleoga ar na gcrainn buaircíneacha (crann síorghlas). Bíonn duilleoga leathan le dath murtallach orthu ar na gcrainn duillsilteacha. Bíonn duilleoga caol ar nós dealga le dath galbánach ar na gcrainn buaircíneacha.
Cnuasacha CrainnCuir in Eagar
Glaoitear garrán nó coilleog ar áit in a bhfuil líon beag crainn ag fás ann. Má tá áit clúdaithe leis na mílte crainn glaoitear coill air. Má tá an coill ollmhór, glaoitear foraois ar na gcrainn sin. Glaoitear buinneán, failleagán nó fásán ar chrann óg.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |