Planda síorghlas

Plandaí a choinníonn a nduilleoga i rith na bliana. Fásann siad in aeráidí gan séasúir naimhdeacha, nó bíonn duilleoga oiriúnaithe acu chun an fhuacht is an triomacht a sheasamh. Caitear na duilleoga is athfhásann siad de réir a chéile, ionas go mbíonn fásra orthu an t-am ar fad.