Sa ghnáthchiall, is éard is rúsc (nó coirt) ann ná an clúdach seachtrach cosanta garbh a bhíonn ar na crainn, agus ar phlandaí adhmadacha eile. Le bheith beacht, cuimsíonn sí fíocháin eile inmheánacha, an corc is an fhlóéim. De réir mar a fhásann an crann síneann an choirt, scoilteann sí, déanann calóga, scamhann i bpatrúin dhifriúla ar leith, agus fásann coirt nua ina hionad ó na cisil inmheánacha caimbiam. Rùsg a deirtear i nGaeilge na hAlban.[1]

Rúsc

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Coirt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.