Déchotailéadón

grúpa plandaí

Ball ar bith den dá phríomhrang plandaí bláfara is ea déchotailéadón. Is iad na monacotailéadóin an rang eile. Bíonn dhá chotailéadón i suth an tsíl, agus seasann príomhfhréamh an tsíolphlanda go daingean chun an bhunfhréamh a chruthú. De ghnáth bíonn duilleoga leathana le féitheacha eangachúla air, agus codanna bláfara i ngrúpaí de 4-5 nó iolraí díobh sin. Cumann na burlaí soithíocha fáinní sa ghas, agus bíonn ciseal caimbiam i láthair a bhíonn in ann fíochán féitheach tánaisteach a tháirgeadh, agus mar sin gais adhmadacha. Timpeall 250 clann ar eolas sa rang seo.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoDéchotailéadón
Dicotyledones Cuir in eagar ar Wikidata

teanga mhín Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
AicmeDicotyledones Cuir in eagar ar Wikidata
Déchotailéadón
  1. Hussey, Matt (2011). "Déchotailéadóin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 204.