Seán Mac Mathúna
scríbhneoir Éireannach
Gearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir as Trá Lí i gContae Chiarraí é Seán Mac Mathúna. Bhain sé cáil nach beag amach lena chnuasach gearrscéalta Ding agus Scéalta Eile (An Comhlacht Oideachais, 1983). Ó shin foilsíodh leabhair leis i nGaeilge agus i mBéarla, agus léiríodh dráma leis, Gadaí Géar na Geamhoíche in Amharclann na Mainistreach. Bhuaigh an dara cnuasach gearrscéalta leis, Banana (Cois Life), Gradam Uí Shúilleabháin in 1999. Foilsíodh an t-úrscéal Hula Hul leis (Leabhar Breac) in 2007.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1936 87/88 bliana d'aois Trá Lí |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir próis, drámadóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Is é is ábhar don leathanach seo ná an túdar as Trá Lí. Má tá suim agat i gciall eile atá leis an téarma seo, féach Seán Mac Mathúna (idirdhealán).
Saothar
cuir in eagar- Gealach (Leabhar Breac, 2012)
- Úlla (Cois Life, 2011)
- Hula Hul (Leabhar Breac, 2007)
- Scéal Eitleáin (Coiscéim, 2005)
- Banana (Cois Life, 1999)
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |