An Comhchaidreamh

eagraíocht a bunaíodh sa bhliain 1935 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mic léinn ollscoile

Eagraíocht do lucht ollscoile - na mic léinn agus na céimithe araon - a bhí sa Chomhchaidreamh. dream idir-ollscoile. Bhunaigh Máirtín Ó Flathartaigh an Comhchaidreamh in 1935 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mic léinn ollscoile.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Comhchaidreamh
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh30 Márta 1935

Stair cuir in eagar

Bunaíodh an Comhchaidreamh ag cruinniú de theachtaí na gCumann Gaelacha in 86 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath ar 30 Márta 1935. Máirtín Ó Flathartaigha toghadh mar chéad uachtarán. Mar chomhaltaí coiste toghadh E. Ní Mhórdha (Ollscoil na Ríona), Riobard Mac Laghmainn, Ruairí Ó Brolcháin (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), Conchubhar Ó Cuileanáin, Caoimhín Ó Góilí mar Rúnaí, David Greene mar chisteoir, G. Mac Oscair (Ollscoil na Ríona), Seán Ó Tuama, agus Pádraig Ó Finneadha.

Tionchar cuir in eagar

Sa bhliain 1946, rinne an Comhchaidreamh coup ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in éineacht le Glún na Buaidhe agus toghadh cuid mhór de lucht an Chomhchaidrimh mar bhaill den Chomhdháil.  Thug an Comhchaidreamh go leor moltaí faoin nGaeilge don rialtas tríd an gComhdháil (ach ba bheag toradh a chonaic siad ar a gcuid iarrachtaí).

B' as an Comhchaidreamh a shíolraigh an iris Comhar sa bhliain 1942,[2] mar ardán litríochta, agus mar mheán bolscaireachta don eagraíocht. Bhunaigh an Comhchaidreamh Gael Linn in 1953[3] agus an Clóchomhar,agus Cumann Merriman níos déanaí.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Dorothy Ní Uigín (2020). "Céad-Táblóideach na Gaeilge: Anois | Léann Teanga: An Reiviú". leannteangaanreiviu.com. Dáta rochtana: 2022-05-03.
  2. The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
  3. Mairéad Ní Chinnéide (2013). "Scéal Ghael-Linn". Cló Iar-Chonnacht, CIC. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-10. Dáta rochtana: 2022-05-03.
  4. "Ó FLATHARTAIGH, Máirtín (1912–2005)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-05-03.