Máirtín Ó Direáin
In Árainn a tógadh Máirtín Ó Direáin. Rugadh i bhFearann a' Choirce ar Inis Mór é i 1910, agus tar éis dó an scoil a fhágáil chaith sé tamall de bhlianta ag obair mar chléireach in ardoifig an phoist i nGaillimh. Ba bhall de Chonradh na Gaeilge é, agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhí se ina aisteoir in amharclann náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ó 1928 go 1937. Bhog sé leis go Baile Átha Cliath níos déanaí, áit ar thosaigh sé ag scríobh agus 28 bliain slánaithe aige. Bhí baint aige le Cumann na Scríbhneoirí ó thús ann. Fuair sé post sa Roinn Oideachas, mar chláraitheoir do Choláiste Náisiúnta na nEalaíon.
Máirtín Ó Direáin | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Inis Mór, Samhain 29, 1910 |
Náisiúntacht | Éire |
Bás | Baile Átha Cliath, Márta 19, 1988 |
Oideachas | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Gairm | |
Gairm | file, údar agus scríbhneoir |
D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach filíochta,Coinnle Geala, i 1942, agus lean sé air ag cumadh filíochta anuas go dtí na hochtóidí. Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, Feamainn Bhealtaine, a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dalta scoile. Is minic a thráchtann sé ar bhéasa is ar áilleacht oileán Árann is ar an meath a tháinig ar an saol traidisiúnta sin i mblianta deireanacha an fichiú h-aois. I 1952 d'aistrigh sé dráma leis an dramadóir Éireannach Teresa Deevy le haghaidh Radio Eireann ón leagan Béarla The King of Spain's Daughter don leagan Gaeilge Iníon Rí na Spáinne. Bhuaigh se móran duaiseanna liteartha agus ba bhall d'Aosdána é. Rinneadh clár fáisnéise faoina shaol is a shaothar An Charraig Stoite sa bhliain 2003 maoinithe ag TG4/Bord Scannán na hÉireann, scríofa ag Alan Titley agus leirithe is stiúrtha ag Mac Dara Ó Curraidhín.
Bhí sé pósta le Áine Colivet ó 1945 agus bhí iníon amháin acu, darbh ainmn Niamh.
Fuair sé bás ar an 19 Márta sa bhliain 1988 i mBaile Átha Cliath.
SaotharCuir in Eagar
Cnuasaigh FilíochtaCuir in Eagar
- Coinnle Geala, 1942
- Dánta Aniar, 1943
- Rogha Dánta, 1949
- Ó Mórna agus Dánta Eile, 1957
- Ár Ré Dhearóil, 1962
- Cloch Choirnéil , 1967
- Crainn is Cairde, 1970
- Ceacht an Éin, 1984
- Dánta 1939-79, 1980
- Béasa an Túir, 1984
- Tacar Dánta/Selected Poems, 1984
- Craobhóg: Dán, 1986
PrósCuir in Eagar
- Feamainn Bhealtaine, 1961
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
BibleagrafaíochtCuir in Eagar
- Ó hAnluain, Eoghan (2001). "Máirtín Ó Direáin: Na Dánta". Cló Iar-Chonnacht.