John Millington Synge
Drámadóir Éireannach ab ea John Millington Synge (16 Aibreán 1871 - 24 Márta 1909). B'é an dráma ba cháiliúla a bhí ag Synge ná The Playboy of the Western World. Bhí ruaille buaille sa chathair ar oíche na hoscailte i 1907, ach d'éirigh go geal leis ina ainneoin sin. I measc a chuid drámaí eile, tá Riders to the Sea, Shadow of the Glen, The Well of the Saints, The Tinker's Wedding srl.
John Millington Synge | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Ráth Fearnáin, Aibreán 16, 1871 |
Náisiúntacht | Éire |
Grúpa eitneach | Muintir na hÉireann |
Bás | Baile Átha Cliath, Márta 24, 1909 |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm |
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás | bás nádúrtha (An liomfóma) |
Muintir | |
Athair | John Hatch Synge |
Máthair | Kathleen Trail |
Siblíní |
liosta iomláin Annie Isabella Synge (en)
![]() |
Teaghlach |
liosta iomláin
|
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Pháras |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | drámadóir, file, scríbhneoir agus leabhrógaí |
IMDb | nm0843423 |
SaolCuir in Eagar
Tógadh Synge i Ráth Fearnáin lámh le Baile Átha Cliath.
Bhain sé céim (Baitsiléir Ealaíon) amach sna teangacha i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1892.
Chuaigh Synge go dtí an Fhrainc sa bhliain 1896. Chas sé le W. B. Yeats, a thug comhairle do Synge dul go hÁrainn.
Inis MeáinCuir in Eagar
Chaith Synge tréimhsí fada ar Inis Meáin in oileáin Árann ag foghlaim na Gaeilge agus ag scríobh a chuid leabhair agus drámaí faoi dhraíocht agus áilleacht an oileáin agus na farraige.
Thug Synge cuairt go h-Inis Meáin don chéad uair i 1898. D'fhan sé le muintir Uí Dhonnacha ar feadh tréimhsí fada agus mhair cosúil leo féin. Bhíodh sé ina shuí cois na tine/sa gclúid ag seinm an fhidil agus go minic ag bogadh an chliabháin ina mbíodh páiste le muintir an tí.
Chaith Synge go leor dá chuid ama ar an oileán ina shuí i bpúirín cloiche gan aon díon air, suite ar bharr na haille ar an taobh thiar den oileán. Ainmníodh 'Cathaoir Synge' ar an áit seo dá bharr. Tá radharc draíochtúil as an áit seo ar Inis Mór trasna an chuain, ar Chonamara ó thuaidh agus siar san Aigéan Atlantach.
Ní h-ionadh go bhfuair Synge inspioráid chun scríbhneoireacht a dhéanamh in Inis Meáin. Tar éis do Synge Inis Meáin a fhágáil, bhíodh sé ag scríobh chuig duine de chlann Uí Dhonnacha darbh ainm Máirtín. Bhíodh Synge ag scríobh litreacha i mBéarla chuig Máirtín agus bhíodh Máirtín ag scríobh ar ais i nGaeilge. Sa gcaoi sin bhí an bheirt acu ag foghlaim óna chéile.
BásCuir in Eagar
Fuair John Millington Synge bás ar an 24 Márta 1909 ó liomfóma Hodgkin, aois 37.
OidhreachtCuir in Eagar
Is féidir cóipeanna de na litreacha a scríobh Synge a fheiceáil in Inis Meáin anois. Tá an teach céanna faoi sheilbh duine de shliocht mhuintir Uí Dhonnacha, Treasa Ní Fhátharta ar thaobh a máthar. D'fhág a máthair an teach seo ag Treasa. Tar éis roinnt ath-chóirithe le cabhair urraíochta sna 2000idí, d'oscail an teach don phobal.
Tá an teach sa stíl traidisiúnta, ceann tuí taobh istigh agus taobh amuigh. Tá stór breá troscáin agus uirlisí le feiceáil san teach; mar shampla an tuirne lín, an drisiúr agus dorú a bhíodh in úsáid ag iascaireacht, a thugann léargas ar an saol sna sean-laethanta. Tá leabharlann agus ionad cónaithe do scríbhneoirí béal dorais.