Reilig Chnocán Iaróm
Tá Reilig Chnocán Iaróm nó Reilig Chnocán Iaróimé uaireanta (Béarla: Mount Jerome Cemetery) lonnaithe i gCros Araild i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.[1] Ó bunaíodh siar in 1836 é cuireadh breis is 300,000 míle duine ann. Ba reilig do Phrotastúnaigh a bhíodh ann go dtí na 1920dí nuair a ligeadh Caitlicigh isteach den chéad uair.
StairCuir in Eagar
Tagann ainm na reilige ó eastát a bunaíodh ann ag an Reverend Stephen Jerome, a bhí ina bhiocáire ar Paróiste Naomh Caoimhínsa bhliain 1639. Ag an tráth úd bhí Crosaire Arailt mar chuid de Pharóiste Naomh Caoimhín. Sa dara leath den 17ú céad déag, d'aistrigh úineireacht na talún go hIarla na Mí, agus chuir sé sin an talamh ar léas do chlanna cáiliúla i mBaile Átha Cliath. Tógadh teach, Teach Chnoc Iaróm, ar cheann de na ceapaigh seo, agus túgadh ar léas é do John Keogh. Sa bhliain 1834 tar éis gur theip ar iarracht reilig a bhunú i bPáirc an Fhionnuisce, cheannaigh Comhlacht Ginearálta Reiligí Bhaile Átha Cliath an sealúchas "for establishing a general cemetery in the neighbourhood of the city of Dublin" ('le reilig ghinearálta a bunú i gcomharsanacht chathair Bhaile Átha Cliath').[2]
Bhí an Séiplín Sochraide mar an chéad eaglais Gotach Pugineach i mBaile Átha Cliath. Dhear William Atkins é.
Daoine Clúiteacha a Cuireadh annCuir in Eagar
I measc na ndaoine clúiteacha a cuireadh sa reilig seo tá:[3][4]
- Robert Adams (1791–1875), dochtúir agus ollamh máinliachta
- Edward Bunting (1773–1843), ceoltóir agus bailitheoir ceoil
- Frederick William Burton (1816–1900), péintéir agus stiúrthóir de chuid an Ghailearaí Náisiúnta i Londain
- Peter Caffrey (1949–2008), aisteoir (Ballykissangel)
- Sir Charles Cameron (1830–1921), a bhí i gceannas ar Roinn na Sláinte Poiblí do Bhardas Bhaile Átha Cliath ar feadh 50 bliain, maraon lena mhic, Charles J. agus Ewen Henry
- James Campbell, 1st Baron Glenavy (1851–1931), dlíodóir, polaiteoir agus, Ard-Seansailéir na hÉireann
- William Carleton (1794–1869), scríbhneoir
- Thomas Caulfield Irwin (1823–1892), file, scríbhneoir, scoláire
- Abraham Colles (1773–1843), surgeon, ollamh leighis
- John Augustus Conolly VC (1829–1888), saighdiúir
- Paddy Daly (1888-1957), ball den IRA i rith Chogadh na gCarad agus ina mhaorghinearál níos déanaí in Airm na hÉireann
- Achilles Daunt (1832–1878), préitséir agus seanmóirí
- Thomas Davis, (1814–1845), iriseoir, polaiteoir, agus bunaitheoir an nuachtáin The Nation
- Thomas Drummond (1797–1840), surveyor, Under-Secretary for Ireland
- James Fitzgerald (1899–1971), péintéir Meiriceánach
- Ethel Kathleen French (née Moore, 1871-1891), ealaíontóir agus maisitheoir, céad bhean chéile Percy French. Bhásaigh sí i mbreith clainne a céad paiste.
- Edward Gibson, 1st Baron Ashbourne (1837–1913), dlíodóir agus Lord Chancellor of Ireland
- Robert Graves (1796–1853), ollamh leighis agus scríbhneoir
- Sir Richard John Griffith (1784–1878), geo-eolaí, innealtóir mianadóireachta agus cathaoirleach Bhord na n-Oibreacha, údar Griffith's Valuation
- Thomas Grubb (1800–1878), radharceolaí, déantóir cian-dearcán
- Benjamin Guinness (1798–1868), grúdaire, daonchara, chomh maith le baill eile de mhuintir Guinness
- George Halpin (Sr.) (1779–1854), innealtóir sibhialta agus tógálaí teach solais
- William Rowan Hamilton (1805–1865), matamaiticeoir agus réalteolaí
- James Haughton (1795–1873), athleasaitheoir sóisialta
- John Kells Ingram (1823–1907), polaiteoir, scoláire, file ("The Memory of the Dead")
- John Hewitt Jellett (1817–1888), Propast Choláiste na Tríonóide
- John Edward Jones (1806–1862), innealtóir sibhialta agus dealbhóir
- Joseph Robinson Kirk (1821-1894), dealbhóir, a dhear an dealbh thar leac cuimhneacháin a athar, Thomas
- Thomas Kirk (1781–1845), dealbhóir, a rinne dearadh ar mhásailéam mhuintir Butler atá sa reilig chomh maith[5]
- John Mitchell Kemble, scoláire
- Joseph Sheridan Le Fanu (1814–1873), scríbhneoir agus eagarthóir, mar aon lena bhean chéile, Susanna Bennett, a hathair agus a beirt deartháireacha sa bhoghta céanna.
- Thomas Hawkesworth Ledwich (1823–1858), máinlia agus corpeolaí
- Thomas Langlois Lefroy (1776–1869), polaiteoir agus breitheamh
- David Marcus (1924–2009), scríbhneoir Giúdach Éireannach, eagarthóir
- Sir Henry Marsh (1770–1860), dochtúir
- William Fetherstone Montgomery (1797-1859), cnáimhseoir
- Hans Garrett Moore VC (1830–1889), saighdiúir
- Arthur Thomas Moore VC (1830–1912), saighdiúir
- Sir Richard Morrison (1767–1849), ailtire (Pro-Cathedral, Coláiste na Tríonóide, etc.)[5]
- William Vitruvius Morrison (1794–1838), ailtire, mac agus comhoibrí le Richard[5]
- John Skipton Mulvany (1813–1870), ailtire a rinne dearadh ar roinnt séadchomharthaí sa reilig seo, ina measc séadchomhartha mMahony agus boghtaí Perry agus West vaults[5]
- Máirtín Ó Cadhain (1906–1970), Scríbhneoir Gaeilge[6]
- Walter Osborne (1859–1903), ealaíontóir
- Peter Marshall (bhásaigh 1890), ball mór-le-rá den Ord Máisiúnach agus den Ord Buí
- William McFadden Orr (1866–1934), matamaiticeoir
- George Papworth (1781–1855), ailtire
- Jacob Owen (1778–1870), ailtire agus innealtóir do Bhord na n-Oibreacha
- Edward Arthur Henry Pakenham, 6ú Iarla Longfoirt (1902–1961) tiarna Éireannach, polaiteoir, agus littérateur ba ea é
- George Petrie (1790–1886), ealaíontóir, seandálaí, ceoltóir
- William Plunket, 4th Baron Plunket (1828–1897), Ardeaspag Bhaile Átha Cliath
- Sarah Purser (1848–1943), ealaíontóir
- George Russell (1867–1935), scríbhneoir, ealaíontóir
- Cecil Sheridan (1910–1980), fear grinn agus aisteoir[7]
- John Skelton (1924-2009), ealaíontóir agus maisitheoir
- Robert William Smith (1807–1873), paiteolaí
- John Millington Synge (1871–1909), drámadóir
- Isaac Weld (1774–1856), scríbhneoir topagrafach, taiscéalaí agus ealaíontóir.[5]
- William Wilde and Jane Francesca Elgee, tuismitheoirí le hOscar Wilde
- S. Allen Windle (1828–1880), Séiplíneach Mariners' Church, Dún Laoghaire[8]
- Edward Perceval Wright (1834–1910), máinlia oftalmach, luibheolaí agus zó-eolaí
- Jack Butler Yeats (1871–1957), ealaíontóir
Tá ceapach mhór ann do bhaill den Constáblacht Ríoga na hÉireann agus den Póilíní Chathair Átha Cliath.[3] Tá taisí de chuid na nUgóineach Francach ó Reilig Naomh Peadar, Rae Pheadair (san áit a bhfuil CCFÓ Bhaile Átha Cliath lonnaithe anois), a leagadh sna 1980dí, agus ó reiligí Naomh Bríghid agus Naomh Tomás curtha sa reilig.[3][9]
I measc na ndaoine a cuireadh ann le deireanas tá Martin Cahill an coirpeach cáiliúil (1949–1994) ar a dtugtaí An ginearál. Rinneadh loitiméireacht ar leac a uaighe cuid mhaith agus briseadh ina dhá leath í, agus bhí an chuid ar barr de ar lár. Bogadh a chorp ó shin go huaigh gan ainm. [fíoras?]
FlóraCuir in Eagar
Tá ceann amháin den dá sceach Paliurus spina-christi atá in Éirinn le fáil sa reilig seo (tá an ceann eile i nGarraithe Náisiúnta na Lus[3]
Tagairtí sa LitríochtCuir in Eagar
- Then Mount Jerome for the protestants. Funerals all over the world everywhere every minute. Shovelling them under by the cartload doublequick. Thousands every hour. Too many in the world. Ulysses, Caibidil 6, eipeasóid Hades, James Joyce.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Somerville-Large, Peter (1988). "Dublin: The First Thousand Years". Belfast: The Appletree Press. ISBN 0-86281-206-2.
- ↑ Igoe, Vivien. Dublin Burial Grounds & Graveyards. Wolfhound Press, 2001. p. 172
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Langtry, Joe and Nikki Carter, eds. Mount Jerome: A Victorian Cemetery. Staybro Printing Ltd., Baile Átha Cliath 1997.
- ↑ Boylan, Henry (1998). "A Dictionary of Irish Biography, 3rd Edition". Dublin: Gill and MacMillan. ISBN 0-7171-2945-4.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Patao, Sofia (2000). "Funeral Art and Architecture". Dublin: EEC.
- ↑ "[  Obituary]". The Irish Times.
- ↑ The Irish Times, "Final tribute to Cecil Sheridan", 8 Eanáir, 1980
- ↑ Irish Times, Baile Átha Cliath, 29 Eanáir 1880
- ↑ St. Peter's Churchyard Excavation Report