Sarah Purser

ealaíontóir Éireannach

Ba ealaíontóir Éireannach í Sarah Henrietta Purser (22 Márta 18487 Lúnasa 1943), portráidí go háirithe[1][2][3][4] agus níos déanaí, ealaíontóir gloine daite a bhí ina múinteoir ealaíne sa Dublin Metropolitan School of Art.

Infotaula de personaSarah Purser

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Márta 1848
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Lúnasa 1943
95 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadémie Julian Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid
Saothar
Suíomh a chartlainne

Bhunaigh sí a stiúideo ealaíne féin, An Túr Gloine, in 1903 ar Shráid Pheambróg, san ardchathair, stiúideo gloine daite a raibh d’aidhm aici glúin mac léinn nua-oilte a thabhairt le chéile ar bhonn comharchumannach chun réimse ealaíne na gloine daite a chur chun cinn.[5]

Le Petit Déjeuner, 1881

Saol cuir in eagar

 
"Turf barge at Leeson Street Bridge"[6]

Tús a shaoil cuir in eagar

Rugadh Sarah Purser i nDún Laoghaire, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1848. Bhí sí gaolta leis an péintéir cáiliúil Frederick W. Burton (1816-1900).

Nuair a theip ar chomhlacht a hathair agus d'imigh sé go Meiriceá, bhog sí go Baile Átha Cliath lena mháthair. Chuaigh sí ag staidéar i Scoil na hEalaíne i mBaile Átha Cliath (an NCAD anois).

Bhain Purser leis an aicme a raibh airgead agus stádas acu – ní mórán daoine bochta a bhí in ann staidéar a dhéanamh ar an ealaín agus dul ag taisteal thar lear nuair a thograigh siad. Tar éis di roinnt staidéir a dhéanamh i gColáiste Ealaíne Bhaile Átha Cliath (Dublin Metropolitan School of Art) chuaigh sí chun na hEorpa chur barr feabhais a chur ar a cuid scileanna ealaíne.[7]

 
"Millpond at Ballsbridge" 1882

Fuair sí cabhair óna deartháireacha (thart ar £30) agus chuaigh sí go dtí Páras ag déanamh staidéir san Académie Julian i bPáras 1878-79.

 
Stampa comórtha, 2021

San Eoraip casadh ealaíontóirí móra na linne uirthi – Degas agus a leithéid –  agus chuaigh an ealaín ‘nua’ i gcion go mór uirthi. Thosaigh Sarah ag obair le mná eile as a lán tíortha eile; an Bhreatain, an Spáinn, Críoch Lochlann agus an Fhrainc. B’ansin freisin a casadh ealaíontóir eile mná uirthi – an leispiach Louise Catherine Breslau[8] ón Eilvéis agus bhíodar mór le chéile an chuid eile dá saol. Bhí sí an-mhór freisin leis an scríbhneoir Rúiseach Marie Bashkirtseff agus luaigh sise Purser ina beathaisnéis.[7]

 
Miss Jane Barlow, 1894

In aois 30 di, bhí Sarah níos sine ná an chuid is mó de na mná san Académie agus ní raibh sí saibhir. Tar éis thart ar 6 mhí, d'fhill sí go BÁC ach uaireanta chuaigh sí ar ais go dtí an Fhrainc ar chuairt.

Thar na blianta bhuail Purser le daoine cáiliúla, mar shampla Maud Gonne agus scríobh sí litreacha go leor, anois i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (na "Sarah Purser Papers").

 
'The circus encampment' in Éirinn is dócha 1901, de chuid Purser

Deir beathaisnéisí Purser, Elizabeth Coxhead go raibh seans ann go raibh aithne pearsanta aici ar na hImpriseanaithe. Labhair sí go minic ina litreacha faoi na phéintéirí Degas agus Manet. Bhí an-suim aici iontu.

Péintéir cuir in eagar

Nuair a shocraigh Sarah Purser síos i mBaile Átha Cliath arís, chuaigh sí chun cónaí i dteach mór le taobh na Canálach Móire, Mespil House. Bhíodh ‘lá sa mbaile’ nó ‘salon’ aici uair sa mhí agus thagadh na maithe agus na móruaisle ann chun beagán comhrá a dhéanamh agus cúrsaí litríochta is polaitíochta, Cogadh na Talún, seandálaíocht agus cúrsaí ealaíne a phlé.[7]

 
"The sad girl", Kathleen Behan[9][10] 1923

Nuair a bhí Sarah ar ais i mBaile Átha Cliath fuair sí a lán coimisiún chun portráidithe a dhéanamh. Ba léir gur sárealaíontóir portráidí a bhí inti. Rinne sí portráidí de W.B. Yeats, Jack B. Yeats, Douglas Hyde, John Kells Ingram srl. D’iarr an Fear Ionaid, an Tiarna Londonderry, uirthi portráidí a dhéanamh dá chuid páistí.[7]

Ina measc freisin bhíodh Michael Davitt, John O’Leary, Maud Gonne, agus John B Yeats. Nuair a cheap sí nach raibh a gcearta faighte ag John B Yeats agus Nathaniel Hone, d’eagraigh sí taispeántas dá saothar ealaíne agus uaidh sin ceaptar a tháinig an smaoineamh Gailearaí Náisiúnta Nua-Ealaíne a bhunú, a dtugtar Gailearaí Hugh Lane air anois.[7]

Rinne sí a lán péintéireacht eile chomh maith le portráidí, mar shampla "Le Petit Déjeuner" atá sa Dánlann Náisiúnta i mBÁC agus "An Irish Idyll" sa Dánlann Uladh.

Rinne Purser pingin mhaith (thart ar £30,000 le haghaidh na bportráidí ar fad).[11] Ba léir gur sárealaíontóir portráidí a bhí inti. Murab ionann agus go leor ealaíontóirí eile a bhí ag maireachtáil ar an mbeagán, rinne sise go maith as an obair sin.[7]

Bhí a healaín ar taispeáint go forleathan in Éirinn agus i Londain; ag an Royal Hibernian Academy i mBaile Átha Cliath; an tAcadamh Ríoga, Dánlann Grosvenor i Londain; agus Dánlann Ealaíne Walker i Learpholl.

I 1886, bhunaigh sí an Club Ealaíne i mBaile Átha Cliath, agus sa bhliain 1890 toghadh an RHA í mar chomhalta onórach, HRHA.

Sa bhliain 1934 a cuireadh an ‘Purser-Griffiths Certificate in the History of Painting’ ar bun agus ba as sin a shíolraigh an chéad dá roinn ollscoile in Éirinn a raibh an Ealaín agus Stair na hEalaíne ach go háirithe mar chúram orthu.[12]

Tá Purser curtha i Reilig Chnocán Iaróm, agus in aois 95 bliain dí nuair a fuair sí bás. Go dtí a bás, chónaigh sí ar feadh na mblianta i dTeach Mespil, teach ardmhéara Seoirseach le síleáil plástair álainn ar Bóthair Mespil. Leagadh é níos déanaí agus tógadh árasáin ar an suíomh.

 
Fuinneog le Sarah Purser agus Alfred E. Child in Ardeaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath

Saothar cuir in eagar

Bhí a saothar an-dorcha ar dtús, cosúil le Carlos-Duran[13] agus Louise Catherine Breslau[8]. Bhain Purser úsáid as péint dhubh mar a rinne cúpla péintéir eile, Lavery agus Nathaniel Hill go hiondúil.

 
11 Ardán Fhearchair, BÁC

An Túr Gloine cuir in eagar

Sa bhliain 1903, bhunaigh Purser An Túr Gloine,[14] stiúideo agus comharchumann a raibh mar sprioc chun gloine dhaite a chur chun cinn, suite ar 24 Sráid Pembroke i mBaile Átha Cliath. Bhí eolas ag Purser faoi ghloine na Fraince agus na Breataine sa mheánaois.

Bhí a lán ealaíontóirí mar Harry Clarke bainte leis agus cáil idirnáisiúnta ar an tionscal.

Príomhalt: An Túr Gloine
Sa bhliain 2023, bhí taispeántas beag de shaothar Sarah Purser sa nGailearaí Náisiúnta, BÁC.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Sarah Purser, Irish Portrait Painter, Stained Glass Artist, An Tur Gloine". www.visual-arts-cork.com. Dáta rochtana: 2024-03-02.
  2. "Purser, Sarah Henrietta | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2024-03-02.
  3. National Gallery of Ireland (2023). "Exhibition of works by artist and activist Sarah Purser, 2023" (en). www.nationalgallery.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  4. "Sarah Purser - 44 artworks". www.wikiart.org. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  5. Pól Ó Muiri, "Déanta in Éirinn", 28 Lúnasa 2013
  6. "12-12-2006 | THE SARAH PURSER SALE". www.adams.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 Mairéad Ní Nuadháin (1 Márta 2024). "Ealaíontóir ceannródaíoch a raibh ceangal aici leis An Spidéal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  8. 8.0 8.1 "Louise Catherine Breslau" (as en) (2024-02-06). Wikipedia. 
  9. "Portrait of Kathleen Behan" (en). onlinecollection.nationalgallery.ie. Dáta rochtana: 2022-08-19.
  10. "Kathleen Behan" (as en) (2023-10-06). Wikipedia. 
  11. "Sarah Purser (1848-1943)". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  12. Mícheál Ó hAodha (EAGRÁN 159 · IÚIL 2014). "Oide an Chiúbachais: Oidhreacht André Lhote" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-03-03.
  13. "Carolus-Duran" (as en) (2024-02-17). Wikipedia. 
  14. "An Túr Gloine" (as en) (2024-01-01). Wikipedia.