Píosaí gloine ar dhathanna éagsúla a shuitear i gcabhail luaidhe chun íomhá phictiúrtha a dhéanamh. Tugadh isteach ón ealaín Bhiosántach í i gcomhair fuinneog i bhfoirgnimh Eorpacha sa 12ú céad, agus tháinig faoi bhláth in eaglaisí Iar-Rómhánúla is Gotacha go háirithe. D'fhan sí an-choitianta ar feadh na Meánaoise, agus athbheodh í sa 19ú céad ag ealaíontóirí cosúil le Burne-Jones, Matisse is Roualt, níos déanaí i Meiriceá ag Louis Comfort Tiffany (1848-1933) is in Éirinn ag Harry Clarke (1889-1931). Sa Mheánaois dhaití an ghloine trí ocsaídí miotal a chumascadh léi le linn a déanta, nó gloine dhaite a chur anuas i sraith le gloine neamhdhaite (fleascadh). Ón 16ú céad, d'éirigh an teicníocht ina ndéantaí cruan a phéinteáil ar an ngloine le linn a déanta an-choitianta.[1]

Gloine dhaite i nDaingean Uí Chúis
  1. Hussey, Matt (2011). "Gloine dhaite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 322.