Harry Clarke
Ealaíontóir Éireannach ba ea Harry Clarke (17 Márta 1889 – 6 Eanáir 1931). Tá clú agus cáil air mar gheall ar a shaothair gloine Tá a lorg fágtha aige ar shéipéil agus ar áiteacha eile timpeall na hÉireann le fuinneoga áille, tarraingteacha gloine dhaite.[1] Dúirt an file W.B. Yeats faoi, agus é ag tagairt do na healaíona in Éirinn, go raibh an ghloine dhaite ab fhearr ar domhan déanta ag Clarke.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Márta 1889 Baile Átha Cliath (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Bás | 6 Eanáir 1931 41 bliana d'aois Chur, An Eilvéis |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Eitinn) |
Áit adhlactha | Hof cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Maisiúchán agus gloine dhaite |
Gairm | péintéir, maisitheoir, ealaíontóir gloine |
Ball de | |
Gluaiseacht | Gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Margaret Clarke |
Cé go raibh a shaol thart roimh a am, b’ealaíontóir bisiúil é a raibh fís aige.
Saol
cuir in eagarRugadh Clarke i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1889. Bhí an-suim aige sa léamh agus san amharclann. Ina chuid ealaíne tá tagairtí ann do dhrámaí, do shíscéalta agus d’fhinscéalta.[5] Chuir bás a mháthar as go mór dó agus gan é ach sna luathdhéaga.
D’fhreastail sé a Scoil Ealaíne Chathair Bhaile Átha Cliath le linn do Austin Molloy agus Margaret Crilley a bheith ag múineadh ann. Phós sé Crilley níos déanaí. Ba é Clarke a mhúineadh an cúrsa ar an léaráidíocht sa Scoil idir 1921 agus 1923
Ba chol ceathracha athair Muiris Mac Conghail agus Clarke.[6]
Ba é Clarke a mhol dó Sheán Keating a dhul go hÁrainn.[7]
D’fhulaing Clarke drochshláinte ar feadh a shaoil agus fuair sé bás in 1930 agus gan é ach 41 bliain d’aois san Eilvéis, tar éis dó cóir leighis a fháil in otharlann eitinne.
Tá sé curtha in Chur san Éilvéis, in uaigh gan leac inniu. Mar gheall nach raibh a mhuintir ar an eolas faoi dhlí de chuid na hEilvéise a bhain le huaigheanna a chaomhnú, rinneadh a chorp a dhí-adhlacadh agus a chur in uaigh na mbochtán gan ainm.
Saothar
cuir in eagarBhí tionchar láidir ag an Mhisteachas Ceilteach, an Siombalachas, an Rómánsachas Náisiúnta agus an *Art Noveau *ar shaothar Clarke.
Tá saothar Harry Clarke le feiceáil in ionaid éagsúla, mar shampla Gailearaí Crawford i gCorcaigh, Dánlann Chathrach Hugh Lane don Nua-Ealaín i mBaile Átha Cliath agus sa Díseart sa Daingean, Contae Chiarraí. Is faoi chúram an Stáit atá an chuid is mó dá shaothar poiblí, rud a chinntíonn saol fada agus ardán poiblí dó.[2]
'Eve of St Agnes'. I measc na saothar is cumasaí dá chuid, tá ‘The Eve of St Agnes’ le fáil sa Hugh Lane.[8][9] Choimisiúnaigh Harold Jacob, fear ghnó mór na mbrioscaí as Baile Átha Cliath, a Clarke le fuinneog dhaite a dhéanamh a bheadh bunaithe ar an dán ‘The Eve of St Agnes’ de chuid John Keats. Cuireadh an fhuinneog sin i gcrích i 1924.[10]
‘Séipéal Uí Ónáin’ nó ‘The Honan Chapel’. Tá an séipéal tiomnaithe do Naomh Fionbarra ach toisc gurbh iad clann Honan a mhaoinigh an séipéal, tá sé ainmnithe in ómós dóibh. ‘Gníomh Neamhspleáchais Spioradálta’ a tugadh ar thógáil Shéipéal Honan idir 1913 agus 1916. Beannaíodh an séipéal i 1916 tráth a raibh imeachtaí mór le rá eile a raibh baint acu le spiorad an náisiúnachais.[1]
Bewley's. Tá cuid fuinneog cáiliúil Harry Clarke i gcaife Bewley’s ar Shráid Grafton i mBaile Átha Cliath. Bhí na fuinneoga mar ábhar conspóide idir Campbell’s Catering, úinéirí an chaife, agus Treasury Holdings, úinéirí an fhoirgnimh.[11] Léiríonn na fuinneoga draíochtacha seo colúin na gceithre ord san ailtireacht: an tOrd Dórach, an tOrd Ianach, an tOrd Corantach agus an tOrd Ilchodach. Tá léiriú Clarke ar éin agus ar bhláthanna ar na colúin seo chomh hoilte agus chomh sonraíoch sin gur cúis mhór iontais agus gliondair iad don té a bhreathnaíonn orthu.[2] Rinneadh na fuinneoga i 1927, trí bliana sula bhfuair Clarke bás agus gan é ach 41 bliain d’aois.
Maisitheoir
cuir in eagarNuair nach raibh sé ag obair ar ghloine dhaite, ba mhaisitheoir den scoth é agus is iad na leabhair *Tales of Mystery and Imagination *le hEdgar Allen Poe agus *Fairy Tales *le Hans Christian Andersen na cinn a bhfuil an chuid is fearr dá léaráidí le feiceáil iontu. Ba radharcanna dorcha agus fantaiseacha ba mhó a thug pléisiúr dó.
Féach freisin
cuir in eagar- Gloine dhaite agus An Túr Gloine
- Joshua Clarke
- Evie Hone
- Stained glass windows by Harry Clarke ar Wikipedia
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (24 Márta 2023). "Cé atá á chaitheamh agat? Tá mé ag caitheamh Harry Clarke…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-24.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Ciara Nic Gabhann (Fea. 2005). "Éiginnteacht mar gheall ar fhuinneoga daite Harry Clarke" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-03-25.
- ↑ Florida International University-Digital Communications. "Harry Clarke and the Geneva Window" (en). wolfsonian.org. Dáta rochtana: 2024-03-03.
- ↑ The Geneva window Panel 1. "The Geneva Window, Wolfsonian Museum, Miami, Florida, USA – Harry Clarke Stained Glass Windows" (en-GB). Dáta rochtana: 2024-03-03.
- ↑ COGG (14 Deireadh Fómhair 2015). "Eureka" 12-5. Curtha i gcartlann 2022-04-30 ar an Wayback Machine
- ↑ "An craoltóir, léiritheoir agus scríbhneoir Muiris Mac Conghail ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-24.
- ↑ Seosamh Ó Cuaig (21 Nollaig 2022). "An sagart a bhí ina ‘fanaiceach’ Gaeilge agus an t-ealaíontóir ar ghean leis Inis Oírr" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-24.
- ↑ "Stained Glass Room" (en-GB). Hugh Lane. Dáta rochtana: 2023-11-16.
- ↑ "Stained glass windows by Harry Clarke" (as en) (2023-10-22). Wikipedia.
- ↑ "Ag ceiliúradh 100 bliain de shaothar Harry Clarke i nGailearaí Ealaíne Crawford le Bad Romance" (ga-IE). Tuairisc.ie (16 Samhain 2023). Dáta rochtana: 2023-11-16.
- ↑ Ann O’Loughlin (2023-01-20). "High Court rules four of six Harry Clarke windows in Bewley's café belong to landlord" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-03-24.