An Túr Gloine
Stiúideo ealaíne, ceardlann agus comharchumann ba ea An Túr Gloine, iarracht idéalach ar thraidisiúin ársa na gloine daite a athbheochan in Éirinn.[1] Bhunaigh an t-ealaíontóir Sarah Purser é ar Shráid Pheambróg i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1903, a raibh d’aidhm aici glúin mac léinn nua-oilte a thabhairt le chéile ar bhonn comharchumannach chun réimse ealaíne na gloine daite a chur chun cinn.. Mhair an tionscnamh go dtí 1944.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comharchumann |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1903 |
Bunaitheoir(í) | Sarah Purser |
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1944 |
Rialachas corparáideach | |
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Sarah Purser (1903–1940) Catherine O'Brien (en) (1940–1944) |
Athmhúscailt
cuir in eagarAg tús an chéid seo caite bhí ealaíontóirí agus scríbhneoirí ag iarraidh bonn láidir nua a chur faoi chúrsaí ealaíne agus deartha in Éirinn. Bhí tionchar mór ag an ngluaiseacht ‘Ealaín agus Ceardaíocht’ sa mBreatain orthu. Ach sa tír seo chuireadar rompu ealaín agus ceardaíocht le blas láidir Éireannach a chur chun cinn.[2]
An Stiúideo
cuir in eagarChonaic Purser an gá le hathmhúscailt a dhéanamh ar an ealaín agus ar an gceardaíocht dhúchasach, ar nós go leor eile a bhain leis an nglúin agus leis an aicme sin le linn na hAthbheochana Cultúrtha ag casadh an 20ú haois. Thug Purser cúnamh agus airgead le tús a chur leis an gceardlann as a dtiocfadh ábhar gloine dhaite atá anois le feiceáil in áiteacha éagsúla ar fud na hÉireann.[3]
Cé go mba ealaíontóir Purser í féin, níor oibrigh sí go díreach ar an ngloine go hiondúil. Ach luaitear a hainm go minic mar inspioráid. Thug sí obair agus stádas ar leith d’ealaíontóirí Éireannacha a raibh baint acu leis an Túr ina dhiaidh sin.[4] Fuair Purser bás sa mbliain 1943 agus tháinig deireadh leis an Túr Gloine thart ar an am sin.
Saothair
cuir in eagar- D’oibrigh an t-ealaíontóir Ethel Rhind leis an Túr Gloine agus dhear sí na fuinneoga daite i gCill Éinde sa Spidéal. Dar leis an Tiarna Cill Ainnín, rinneadh stáisiúin na Croise i stiúideo Purser agus chosain chaon cheann acu £20 – suim mhaith airgid ag an am.[4]
- Ba sa Túr Gloine a dhear Geddes an chéad saothar crábhaidh aici, trí phainéal bheaga dar teideal Saol Cholmán Macduagh, painéil atá inniu i nDánlann Hugh Lane, Baile Átha Cliath.[5]
- Bhí Harry Clarke ar dhuine den dream a d’oibrigh le Purser cé go raibh stiúideo ag a mhuintir féin.[4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Mícheál Ó hAodha (EAGRÁN 159 · IÚIL 2014). "Oide an Chiúbachais: Oidhreacht André Lhote" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-03-03.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (24 Márta 2023). "Cé atá á chaitheamh agat? Tá mé ag caitheamh Harry Clarke…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (1 Márta 2024). "Ealaíontóir ceannródaíoch a raibh ceangal aici leis An Spidéal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Mairéad Ní Nuadháin (24 Márta 2023). "Cé atá á chaitheamh agat? Tá mé ag caitheamh Harry Clarke…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-03.
- ↑ Pól Ó Muiri, "Déanta in Éirinn", 28 Lúnasa 2013