An Spidéal

baile i gContae na Gaillimhe

Is baile é an Spidéal (SpiddalSpiddle as Béarla) atá suite in iarthar Chontae na Gaillimhe.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Spidéal
Spiddal (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Spiddal Pier.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°14′48″N 9°18′10″W / 53.2467°N 9.3028°W / 53.2467; -9.3028
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde5 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie18722

Tá sráidbhaile an Spidéil thart ar aon mhíle déag nó ocht gciliméadar déag siar an cósta ó Chathair na Gaillimhe. Baile an Droichid a thugadh muintir na háite tráth air. Táid ann a deir gurb é an Spidéal príomhbhaile Chois Fharraige. Síneann Paróiste an Spidéil ó Dhoire Locháin Thoir siar go hAbhainn an Spidéil nó Abhainn Bhoth Loiscthe agus ó thuaidh go Leitir Meas agus Poll. Tugtar 'Ceantar an Spidéil' uaireanta ar cheantar beagán níos fairsinge ná sin, a chuimsíonn Paróiste an Spidéil féin agus an ceantar i bParóiste an Chnoic ó shráidbhaile an Spidéil siar go Sáile Chuanna.

Sean-Chéibh an Spidéil ina lag trá, 13 Samhain 2004

Tá an Spidéal suite i nGaeltacht Chonamara agus cé go bhfuil an Ghaeilge in uachtar i gcónaí in imeachtaí poiblí sa gceantar, tá labhairt na teanga trí chéile san áit ag teacht faoi bhrú (mar atá sa nGaeltacht ina hiomláine.) Béarla is mó a chloistear á labhairt i ngnónna na háite agus ceaptar gur thart ar leath na dteaghlach san áit a úsáideann an Ghaeilge mar theanga bhaile. De bhrí go bhfuil an Spidéal cóngarach go leor do Chathair na Gaillimhe, tá sé tarraingteach mar áit chónaithe; tá roinnt mhaith daoine nua tagtha chun cónaithe san áit le tamall de bhlianta anuas, go mór mór in eastáit nua tithíochta gar don sráidbhaile.

Is é Comhlacht Forbartha an Spidéil Teoranta an eagraíocht forbartha pobail atá ag feidhmiú san áit, agus tá gníomhaíochtaí éagsúla idir lámha ag an gComhlacht Forbartha ar mhaithe leis an gceantar a chur chun cinn.

An Ghaeilge sa SpidéalCuir in Eagar

Fuarthas amach i ndaonáireamh 2016 go bhfuil 237 duine ag maireachtaint ar an Spidéal, gan dabht is é an sráidbhaile atá i gceist ansin. Síneann an sráidbhaile ó Abhainn Bhoth Loiscthe soir go ceardlann an Spidéal agus ó thuaidh chomh fada leis an eastát tithíochta 'Radharc na Rún'. Dúirt 71.6% de mhuintir an sráidbhaile go raibh Gaeilge acu agus dúirt 53.9% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.

Bhí cónaí ar 1,443 duine i dtoghroinn an Spidéil sa bhliain 2016. Síneann toghroinn an Spidéal ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada soir leis an áit a thosnaíonn Doire Locháin atá sna Forbacha. Dúirt 83.3% de mhuintir na toghroinne go bhfuil Gaeilge acu. Dúirt 65.1% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil.

Ar an taobh eile den Spidéal tá toghroinn Cill Aithnín nó 'Paróiste an Chnoic' mar a ghlaotar air chomh maith. Síneann an toghroinn ó Abhainn Bhoth Loiscthe chomh fada siar leis an abhann idir Siopa an Phobail Indreabhán agus Comhar Creidmheasa Cholmcille. Bhí 1,044 duine ag maireachtaint sa toghroinn seo nuair a deineadh daonáireamh 2016. Bhí Gaeilge ag 86.7% de mhuintir na toghroinne sa bhliain 2016 agus dúirt 72% den daonra go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá.

TagairtíCuir in Eagar

http://census.cso.ie/sapmap2016/Results.aspx?Geog_Type=ST2016&Geog_Code=A42EF9AD-955D-4851-A976-B01A8DBE1747 Curtha i gcartlann 2019-02-23 ar an Wayback Machine