An Eilvéis
Is tír bheag thalamhiata atá suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis nó an Eilbhéis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na hEilvéise). Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil, agus leis an nGearmáin.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Schweizerische Eidgenossenschaft (de) Confédération suisse (fr) Confederazione Svizzera (it) Confederaziun svizra (rm) ![]() | |||||
|
|||||
Cathair | |||||
Aintiún | Swiss Psalm ![]() | ||||
Mana | «Unus pro omnibus, omnes pro uno (en) ![]() ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós | Schwyz ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Beirn ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 8,738,791 (2021) ![]() | ||||
• Dlús | 211.67 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | An Ghearmáinis An Iodáilis an Fhraincis An Rómainis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 41,285 km² ![]() | ||||
Pointe is airde | Dufourspitze (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle | Lake Maggiore (en) ![]() ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1 Lúnasa 1291 12 Meán Fómhair 1848 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | directorial system (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Swiss Federal Council (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Federal Assembly of Switzerland (en) ![]() ![]() | ||||
• Ceannaire an rialtais | Swiss Federal Council (en) ![]() ![]() | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Federal Supreme Court of Switzerland (en) ![]() ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | Swiss franc (en) ![]() ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ch agus .swiss (en) ![]() ![]() | ||||
Glaochód | +41 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 117, 118, 144, 1414, 140 agus 145 ![]() | ||||
Cód tíre | CH ![]() | ||||
Cód NUTS | CH0 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | admin.ch… ![]() | ||||
![]() |
TeangachaCuir in Eagar
Tá ceithre theanga oifigiúil san Eilvéis: an Ghearmáinis (63,7 %), an Fhraincis (20,4 %), an Iodáilis (6,5 %) agus an Rómainis (0,5 %). Maidir leis an gcineál Gearmáinise a labhraítear san Eilvéis, is canúint neamhionann go leor í leis an Ard-Ghearmáinis atá in uachtar sa Ghearmáin.
TíreolaíochtCuir in Eagar
Is tír shléibhtiúil í an Eilvéis. Roinntear an tír ina trí chuid: na Sléibhte Alpa, an tArdán Láir agus na Sléibhte Jura. I measc sléibhte cáiliúla na tíre, tá an Matterhorn. Tá na cathracha, Zürich agus an Ghinéiv mar shampla, ar an Ardán Láir, agus mar i gcéanna leis an gcuid is mó den daonra.
NeodrachasCuir in Eagar
Cé go bhfuil an Eilvéis i lár na hEorpa idir tíortha a raibh cogaidh go leor ar siúl acu le linn na 19ú agus 20ú céad, tá beart eachtrach neodrach docht ag an tír le tamall fada. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar shampla, cé go labhraítear Gearmáinis ansin agus go mbíonn teorainn leis an Ostair, an nGearmáin agus an Iodáil (is é sin, tíortha na hAise) ann, ní raibh an Eilvéis rannpháirteach sa chogadh sin. Ní raibh an Eilvéis páirteach i gcogaíocht ón mbliain 1815 i leith.
Mar sin, ní ghlacann an Eilvéis páirt san Aontas Eorpach. Ní raibh an Eilvéis lánpháirteach sna Náisiúin Aontaithe go dtí an bhliain 2002. D'ainneoin traidisiún neodrachais na hEilvéise, ar 5 Meitheamh, 2005, ghlac vótálaithe Eilvéiseacha le Conbhinsiún Schengen.
Tá a lán eagraíochtaí idirnáisiúnta lonnaithe san Eilvéis. Bunaíodh an Chros Dhearg sa tír, sa Ghinéiv, sa bhliain 1863. Tá an dara grúpa oifigí is mó de chuid na Náisiún Aontaithe suite sa Ghinéiv.
ÍomhánnaCuir in Eagar
Pálás Chónaidhmeach na hEilvéise i mBeirn
Sliabh Matterhorn
Sléibhte na nAlp Beirneacha in aice le Grindelwald
TagairtíCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
- ch.ch - Suíomh oifigiúil na hEilvéise (SwissPortal)
- Admin.ch - Suíomh Idirlín Rialtas na hEilvéise Curtha i gcartlann 2009-05-04 ar an Wayback Machine
Is síol faoi thíreolaíocht na hEilvéise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |