James Campbell

polaiteoir Éireannach (1851-1931)

Abhcóide agus polaiteoir Éireannach ab ea James Campbell, the first Baron Glenavy, nó Séamas Mac Cathmhaoil, an Chéad Bharún Lann Abhaigh[1] (4 Aibreán 185122 Márta 1931). Bhí sé ar thús cadhnaíochta shaol poiblí a linne in Éirinn, ag an mBarra, mar bhreitheamh agus sa pholaitíocht.[2]

James Campbell
James Campbell, Vanity Fair, 1909-08-25.jpg
Abhcóide na Banríona


binseoir

1894 -
Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 21, 1898 - Meán Fómhair 17, 1900
Dúiche: Dublin St Stephen's Green (en) Aistrigh
Toghchán: fothoghchán Pharlaimint na Breataine
Ard-Aturnae na hÉireann

1901 - 1905
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Márta 5, 1903 - Eanáir 8, 1906
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: fothoghchán Pharlaimint na Breataine
Ball de Ríchomhairle na hÉireann

1905 -
Attorney-General for Ireland (en) Aistrigh

Nollaig 4, 1905, Aibreán 1916 - Nollaig 22, 1905, Nollaig 1916
Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 12, 1906 - Eanáir 10, 1910
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1906
Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Eanáir 15, 1910 - Samhain 28, 1910
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, Eanáir 1910
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 3, 1910 - Eanáir 12, 1917
Dúiche: Dublin University (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, Nollaig 1910
Tiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann

Nollaig 26, 1916 - Meitheamh 1918
Lord Chancellor of Ireland (en) Aistrigh

Meitheamh 1918 - Meitheamh 1921
Seanadóir na hÉireann

Meán Fómhair 11, 1922 - Nollaig 6, 1928
Toghchán: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann
Cathaoirleach

Nollaig 6, 1922 - Nollaig 6, 1928 - Thomas Westropp Bennett (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlánJames Henry Mussen Campbell
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 4 Aibreán 1851
NáisiúntachtRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Saorstát Éireann
Éire
BásBaile Átha Cliath, 22 Márta 1931
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm
Muintir
AthairWilliam Mussen Campbell
MáthairDelia Poole Graham
Céile/CéilíEmily MacCullagh (en) Aistrigh  (Márta 5, 1884 -  luach anaithnid)
Páistí
Oideachas
Alma materColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, breitheamh agus abhcóide
Áit oibreLondain
Duaiseanna

SaolCuir in Eagar

Rugadh Campbell i mBaile Átha Cliath ar 4 Aibreán 1851 agus d'fhreastail sé ar Dr. Stacpoole's School in 'Kingstown' (Dún Laoghaire).

Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide (BA 1874), glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1878 agus chun an Bharra Laistigh sa bhliain 1892. Féachadh go forleathan ar Campbell mar an t-abhcóide ab fhearr in Éirinn san aois sin, nó sa dara háit taobh thiar de Edward Carson sa réimse sin.

Bhí Campbell ina Theachta Parlaiminte faoi dhó (feisire thar ceann na hollscoile) i dTeach na Teachtaí (1898-1900 agus 1903-17), Aturnae Ginearálta na hÉireann (1903-5) agus Ard-Aighne na hÉireann (1905 agus 1916-17).

Ar an 25 Aibreán 1916, le linn Éirí Amach na Cásca, atoghadh Campbell mar Fheisire Parlaiminte ag searmanas beag i Halla na Scrúduithe, Coláiste na Tríonóide.[3]

 
Halla na Scrúduithe, Coláiste na Tríonóide, ar chlé, áit a atoghadh Campbell mar Fheisire Parlaiminte le linn Éirí Amach na Cásca

Rinneadh Tiarna Príomh-Bhreitheamh na hÉireann de (1917-18) agus an tArd-Seansailéir leathdheireanach in Éirinn (1918-21).

 
Cambell an chéad Chathaoirleach ar Sheanad Éireann

Mar dhuine d'Aontachtaithe an Deiscirt ba thabhachtaí, ceapadh Campbelldon Seanad sa bhliain 1922 agus toghadh mar an chéad Chathaoirleach air. Atoghadh don phost sin é sa bhliain 1925. Níor iarr Campbell go n-atoghfaí é ina sheanadóir ag deireadh a théarma sa bhliain 1928.

Bhí Campbell ina chathaoirleach ar an gcoiste a thug comhairle don Ard-Chomairle maidir le cruthú na gcúirteanna nua, rud a baineadh amach leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. Fuair a chuid tuairimí an lámh in uachtar ar na moltaí a rinne Aodh Ó Cinnéide (Ard-Aighne, 1922-24; Príomh-Bhreitheamh, 1924-36) i ndáil le roinnt ceisteanna; éide na mbreithiúna agus an modh aithisc, mar shampla.[4]

D'éag James Campbell i mBaile Átha Cliath ar 22 Márta 1931, curtha i Reilig Chnocán Iaróm.

.



TagairtíCuir in Eagar

  1. Tháinig a sheanathair ó Lann Abhaigh ("Glenavy of Milltown, Dublin" an teideal a roghnaigh James Campbell dó féin). "Lann Abhaigh" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-22.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "lch 16 Séamas Mac Cathmhaoil, an Chéad Bharún Lann Abhaigh". Dáta rochtana: 2021.
  3. tcd.ie (2016). "Coláiste na Tríonóide agus an Éirí Amach (lch 16)". Dáta rochtana: 2021.
  4. mar a thaispeáin James I. Dougherty i bpíosa i History Ireland sa bhliain 2010. (2010 (Iml 18)). "‘Ocular demonstration’ or ‘tremendous treasure’?". History Ireland. Dáta rochtana: 2021-03-22.