Hugh Kennedy

abhcóide, breitheamh, agus polaiteoir Éireannach

Abhcóide, breitheamh agus polaiteoir Éireannach ba ea Hugh Kennedy (11 Iúil 1879 - 1 Nollaig 1936). Bhí sé ina bhall de Fhine Gael.

Infotaula de personaHugh Kennedy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Iúil 1879
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Nollaig 1936
57 bliana d'aois
Baile na nGabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann
24 Meitheamh 1924 – 1 Nollaig 1936 – Timothy Sullivan →
Teachta Dála
27 Deireadh Fómhair 1923 – 24 Meitheamh 1924
Téarma parlaiminte: 4ú Dáil


Toghadh i: fothoghchán
1 Ard-Aighne na hÉireann
31 Eanáir 1922 – 5 Meitheamh 1924 – John O'Byrne →
Abhcóide na Banríona Óstaí an Rí
1902 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ríoga na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Baitsiléir Dlíthe
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, breitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Óstaí an Rí (1902–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Fuair Hugh Kennedy a chuid oideachais go príobháideach agus ag Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, áit ar bhunaigh sé féin agus Felix Hackett an t-irisleabhar mac léinn St Stephes, a raibh sé ina chéad eagarthóir air.[1] Duine a chomhaimsire ab ea James Joyce.

Rinne Kennedy staidéar ar an dlí ag Óstaí an Ri, glaodh chun an Bharra é i 1902, agus chun Bharra na Sinsear i 1920. Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus rinneadh rúnaí onórach d'Ardchraobh (Coiste Feidhmiúcháin) na heagraíochta de. Bhí figiúir thábhachtacha mar Phádraig Mac Piarais, Eoin Mac Néill agus Eamonn Ceannt ar an gcoiste in éineacht leis. Bhí sé ina chomhairleoir dlí do Roinn an Rialtais Áitiúil faoin gcéad Dáil (Rialtas) agus bhí sé ina bhall den Choiste a dhréachtaigh Bunreacht Shaorstát Éireann 1922.

 
Bunreacht Shaorstát Éireann idir lámha sa bhliain 1922; an Cinnéideach 8ú ó chlé go deas

Rinneadh Ard-Aighne de i 1922,Toghadh é ina TD (teachtaí parlaiminte) do thoghcheantar Bhaile Átha Cliath Theas i 1923.

Rinneadh céad Phríomh-Bhreitheamh Shaorstát na hÉireann de i 1924 agus bhí sé san oifig sin go dtí go bhfuair sé bás go tobann i 1936.

Bhí sé ina chomhalta agus leasuachtarán ar an Royal Society of Antiquaries of Ireland, bhí sé ina leasuachtarán ar an Statistical Society, agus ina MRIA (Ball d'Acadamh Ríoga na hÉireann, agus ina Ghobharnóir ar an Dánlann Náisiúnta.

Fuair an Cinnéideach bás go tobann i Nollaig 1936.

I measc na gcinntí ba thábhachtaí a rinne Kennedy, bhí Moore v. an Ard-Aighne (1934) inar diúltaíodh d'éileamh ag comhlacht ar chearta iascaireachta sa chuid thaoidmhear d'Abhann na hÉirne, bunaithe ar an bhFéineachas, tar éis athbhreithnithe stairiúil ar an idirchaidreamh idir an Féineachas agus an dlí coiteann.[1]

Freisin bhí sé i gceannas ar an gCúirt Uachtarach sa Stát (Ryan) v. Lennon (1935), inar shocraigh an Chúirt nach raibh an chumhacht ag an bparlaimint Bunreacht 1922 a leasú le gnáthreachtaíocht. Breathnáitear ar an easaontú ba cháiliúla de chuid an Phríomh-Bhreithimh Kennedy mar an mbunús do chur chuige "dlí nádúrtha' na Cúirte Uachtaraí i dtreo an Bhunreachta.[1]

  1. 1.0 1.1 1.2 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-07-22.