James Joyce

úrscéalaí agus file Éireannach

Scríbhneoir a rugadh i mBaile Átha Cliath in Éirinn ab ea James Augustine Aloysius Joyce (gaelaítear a ainm mar Séamus Seoige scaití). (2 Feabhra 188213 Eanáir 1941).

James Joyce
James Joyce by Alex Ehrenzweig, 1915 cropped.jpg
Saol
Ainm iomlán James Augustine Aloysius Joyce
Eolas breithe Ráth Garbh, 2 Feabhra 1882
Náisiúntacht Éire
Áit chónaithe avenue Charles-Floquet
avenue Charles-Floquet
Teanga dhúchais An Béarla
Bás Zürich, 13 Eanáir 1941
Áit adhlactha Fluntern Cemetery (en) Aistrigh
Cúis bháis  (Peireatóiníteas)
Muintir
Athair John Stanislaus Joyce
Céile/Céilí Nora Barnacle  (1931 -  Eanáir 13, 1941)
Páirtí/Páirtithe Nora Barnacle
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater Coláiste Belvedere
Coláiste Choill Chluana Gabhann
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
(1898 - 1902)
Teangacha An Iodáilis
An Laidin
An Fhraincis
An Béarla
An Ghearmáinis
An Danmhairgis
Gairm
Gairm file, úrscéalaí, múinteoir, údar, scríbhneoir, iriseoir, léirmheastóir liteartha agus scríbhneoir próis
Airde 71 in
Áit oibre Páras, Trieste agus Zürich
Saothar iomráiteach Dubliners
A Portrait of the Artist as a Young Man
Ulysses
Finnegans Wake
Pomes Penyeach (en) Aistrigh
Exiles (en) Aistrigh
Stephen Hero (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthi Giambattista Vico
Gluaiseacht ealaíne litríocht fhicseanúil
filíocht
psychological fiction (en) Aistrigh
Bildungsroman (en) Aistrigh
stream of consciousness (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Caitliceachas
IMDb nm0004656
jamesjoyce.ie
James Joyce signature.svg

Ba i mBéarla a scríobh sé a chuid saothair, ach feictear ina mhórshaothair ar nós Ulysses (1922) agus Finnegans Wake (1939) go raibh an-eolas aige ar nua-theangacha na hEorpa, beagán Gaeilge san áireamh, chomh maith le Laidin, Gréigis, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis agus mórán eile nach iad.

Tá easaontas i measc lucht litríochta ar fheabhas chuid den scríbhneoireacht sna leabhair sin, mar go bhfuil an teanga casta, le meascán teangacha, agus mar gur i bhfoirm sruth smaointe atá cuid mhór de.

SaolCuir in Eagar

Chaith Joyce cuid mhór dá shaol san Eoraip, i bPáras na Fraince, i Zürich na hEilvéise, agus i dTrieste na hIodáile sa chuid ba mhó.

Fuair sé post i mbanc sa Róimh fosta ach b'fhuath leis an chathair úd agus d'fhill seisean agus a theaghlach go Trieste i ndiaidh tamaill ghairid.

B'as Gaillimh a bhean, Nora Barnacle. Bhí iníon agus mac acu.

Deireadh a shaoilCuir in Eagar

Ghoill an glácóma air, agus é ag druidim le deireadh a shaoil ach go háirithe, agus bhí an-deacracht aige léamh profaí a dhéanamh ar a chuid leabhar.

Fuair sé bás i Zürich nuair a tháinig cóma air i ndiaidh obráid ar othras bréifneach.

OidhreachtCuir in Eagar

Is cinnte go raibh an-tionchar ag an stíl sin ar údair eile, agus go bhfuil an-éacht déanta aige i gcuid dá chuid cur síos.

 
Dubliners, 1914

SaotharCuir in Eagar

 
ULYSSES, sínithe ag Hemingway

UlyseesCuir in Eagar

Is cur síos ar lá amháin i saol fhir óig an chuid is mó de Ulysses, agus ceiliúrann lucht liteartha Bhaile Átha Cliath agus a gcairde Lá Bloom (Bloomsday) ar 16 Meitheamh in ómós do laoch an leabhair, Leopold Bloom.

Príomhalt: Ulysses

I measc saothair eile James Joyce tá:

GaeilgeCuir in Eagar

Bhí caidreamh casta crosta ag James Joyce leis an nGaeilge. Mar shampla, deir Stephen sa Portrait of the Artist as Young Man go mbeadh an Béarla i gcónaí mar “an acquired speech” aige.[1]

Dúirt Buck Mulligan in Ulyseesː

‘He’s English and he thinks we ought to speak Irish in Ireland. Sure we ought to, the old woman said, and I’m ashamed that I don’t speak the language myself. I’m told it’s a grand language by them that knows it’

Agus é ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath, chláraigh Joyce le cúrsa a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus thug cúpla bliain ag foghlaim na teanga, an t-aon iarracht ‘foirmeáilte’ a dhein sé an teanga a shealbhú. Ba é Pádraig Mac Piarais a bhí ag teagasc ins na ranganna ar a bhfreastail Joyce agus ní róthógtha a bhí an Seoigheach lena chur chuige ná, go deimhin, leis na ranganna féin. Mheas an Piarsach gur den riachtanas é “to exalt Irish by denigrating English”; chuir an meon sin fearg ar Joyce.[1]

Scríobh deartháir Joyce,Stanislaus faoin suim a chuir ‘Jim’ sa teanga timpeall an ama seo agus ar an urraim a thug sé di. De bharr a chumais, ba dheacair a shamhlú go bhféadfadh mórán dua bheith ag Joyce féin i mbun Gaeilge a fhoghlaim. D’fhoghlaim sé an Ioruais, mar shampla, chun go mbeadh ar a chumas saothar Ibsen a léamh sa teanga inar céadcheapadh é.[1]

Níl an chuma air go ndein Joyce puinn staidéir breise ar an nGaeilge sna blianta beaga i ndiaidh dó Éire a fhágáil in 1904. Ach tá fianaise ann gur threisigh a spéis sa teanga agus ina saíocht de réir mar a chuaigh sé in aois.[1]

TioncharCuir in Eagar

Cé gur i mBéarla a scríobh an Seoigeach, maíonn Thomas Kinsella go bhfuil saothar Joyce mar chuid de shnáithe leanúnach traidisiúin litríochta na hÉireann: ‘…Yeats stands for the Irish tradition as broken; Joyce stands for it as continous, or healed – or healing – from its mutilation’.[2][3]

Ach is díol suntais a laghad suime ar an mórgóir a bhíonn ag scoláirí Joyceacha sa Ghaeilge agus i litríocht na Gaeilge, “an extraordinary situation” i gcás Finnegan’s Wake, dar le Diarmuid Curraoin, “when one considers that, firstly, the author declares in the book Irish to be the second language of the ‘Wake’ and secondly, that there is hardly a page of the novel which does not contain at least one Irish language element”.[2]

GailearaíCuir in Eagar

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Seán Tadhg Ó Gairbhí (16 Meitheamh 2015). "James Joyce agus an Ghaeilge: ‘You are an Irishman and you must write in your own tradition’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-16.
  2. 2.0 2.1 Seán Tadhg Ó Gairbhí (2015). "James Joyce agus an Ghaeilge: ‘You are an Irishman and you must write in your own tradition’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-29.
  3. Siobhan Long. "A song for Nora Barnacle: ‘James Joyce wouldn’t have been the writer he was without her’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-12-29.
  4. aistriulitriochta.ie. "Bunachar na nAistriúchán" (ga). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2020-07-10.