Dubliners

Bailiúchán gearrscéalta a scríobh James Joyce

Is bailiúchán chúig ghearrscéal déag de chuid James Joyce é Dubliners (Gaeilge: Bleá CliathaighBaile Átha Cliathaigh), a foilsíodh den chéad uair in 1914.[1] Is éard atá ann ná cur síos i stíl an nádúrachais ar shaol lucht an mheáin aicme in Éirinn de réir mar a mhair siad i mBaile Átha Cliath agus ina thimpeallacht i mblianta tosaigh na 20ú haois.

WD Bosca Sonraí LeabharDubliners

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbailiúchán gearrscéalta Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarJames Joyce Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 1914 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1904
Le cuidIvy Day in the Committee Room
Counterparts
A Little Cloud
Clay
A Mother
A Painful Case
Grace
The Boarding House
After the Race
The Sisters
Two Gallants
An Encounter
Eveline
Araby
The Dead Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Suíomh scéalaíochtaÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthas20th Century's Greatest Hits: 100 English-Language Books of Fiction (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Eile
Aicmiúchán deachúil Dewey20/ 823/.912 20 Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú Leabharlann ComhdhálaPR6019.O9 D8 1991 Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: dubliners000joyc
Musicbrainz: 6d3205b0-2477-48ee-92d9-e97fd7c4540b Cuir in eagar ar Wikidata

Scríobhadh na scéalta ag an am sin ina raibh tionchar an Náisiúnachais Éireannaigh ní ba threise ná ag aon am eile, agus ina raibh méid mór mílteach fuinnimh agus smaointe curtha sa cheist faoi cad iad an fhéiniúlacht náisiúnta agus cuspóir an náisiúin; agus uair na cinniúna buailte leis an tír maidir le hábhair staire agus cultúrtha, bhí roinnt mhaith idéanna éagsúla a bhí ag teacht le chéile ag dul i bhfeidhm ar mhuintir na tíre. I gcroílár na scéalta feictear an nóisean sin a bhí ag Joyce faoi splanc léargais nó eipeafáine (epiphany): bomaite tobann ina dtagann soiléireacht agus féintuiscint ar charachtar, eispéireas a chuirfeadh cor i saol an charachtair sin. Feictear a lán pearsana de chuid Dubliners i mionpháirteanna san úrscéal Ulysses a scríobh Joyce níos déanaí ina shaol.[2] Leanaí is ea Príomhphearsana an chéad chuid den bhailiúchán, agus de réir mar a leantar ar aghaidh trí na scéalta, éiríonn saolta agus smaointe na ndaoine a pléitear iontu níos aosta go leanúnach. Tá sé seo ag teacht leis an roinnt thrípháirteach a chuir Joyce isteach sa bhailiúchán idir aois an pháiste, an ógántacht agus an lánaibíocht.

Stair foilsithe cuir in eagar

Ocht n-uaire déag a chuir Joyce cóip den leabhar isteach, agus cúig fhoilsitheoir déag ar chuir sé é faoina bráid idir 1905, an bhliain inar sheol Joyce lámhscríbhinn chuig foilsitheoir den chéad uair, agus 1914, an bhliain inar foilsíodh an leabhar sa deireadh thiar thall. Scéal léanmhar den diongbháilteacht in ainneoin an fhrustrachais atá le brath i stair fhoilsiú an leabhair. Ghlac an teach foilsitheoireachta suite i Londain Grant Richards leis a fhoilsiú in 1905. Dhiúltaigh an Clódóir a bhí i seirbhís an chomhlachta sin ceann de na gearrscéalta (Two Gallants) a chlóchur, áfach, agus ansin thosaigh go raibh Richards ag cur brú ar Joyce cúpla sleachta eile a bhaint den téacs a ndúirt sé gur dhiúltaigh an clódóir iad a chlóchur ach oiread. Rinne Joyce agóid faoi, ach de réir a chéile ghlac sé le cuid de na hathruithe ar iarradh air a chur i bhfeidhm. Ar deireadh tharraing Richards amach as an mbeart. Leis sin chuir Joyce an lámhscríbhinn faoi bhráid foilsitheoirí eile arís, agus timpeall trí bliana ina dhiaidh sin (1909) tháinig sé ar fhoilsitheoir a bhí toilteanach, Maunsel & Roberts i mBaile Átha Cliath. Ach tharla conspóid den choinneáil chéanna agus tharla gur dhiúltaigh Maunsel é a fhoilsiú freisin, agus, thairis sin, bhagair siad go gcuirfeadh siad an dlí ar Joyce chun costais chlódóireachta a tabhaíodh faoin bpointe sin a iarraidh uaidh. Thairg Joyce na costais chlódóireachta a íoc as féin dá mba rud é go dtabharfar na cóipeanna a raibh déanta ar ais dó, go gceadódh dó an phriontáil a dhéanamh le comhlacht eile agus ansin go bhféadfadh sé an leabhar a dháileadh, ach nuair a tháinig Joyce go dtí saoráid an chlódóra dhiúltaigh siad na cóipeanna a thabhairt dó. Dóigh siad iad an lá dár gcionn. D’éirigh le Joyce cóip amháin a athshlánú, ach bhí air seift a dhéanamh chun é sin a dhéanamh. Ansin lean sé leis ag cur an lámhscríbhinn faoi bhráid foilsitheoirí eile agus in 1914 ghlac le Grant Richards an leabhar a fhoilsiú den dara huair, an profa a athshlánaigh Joyce ó Maunsel á úsáid chun na cóipeanna a dhéanamh.[3]

 
The house of "The Dead"

Na Scéalta cuir in eagar

  • The Sisters (Na Deirfiúracha) – Nuair a fhaigheann sagart, An tAthair Flynn, bás, déanann buachaill óg a bhí mór leis iarracht an bháis a chur taobh thiar de.
  • An Encounter – Tagann beirt ghasúr scoile ar sheanfhear agus iad ag múitseáil ón scoil. 
  • Araby – Titeann buachaill óg i ngrá le deirfiúr a charad, ach teipeann air ina iarracht féirín a bhfuil sách maith di a fháil i mbasár darbh ainm Araby.
  • Eveline – Tá rogha le déanamh ag bean óg an ceart nó nach ceart di imeacht ó Éirinn le mairnéalach.
  • After the Race (Tar éis an Rása) – Déanann mac léinn ollscoile Jimmy Doyle iarracht réiteach go maith lena chairde saibhre. 
  • Two Gallants Éiríonn le beirt chaimiléirí, Lehehan agus Corley, teacht ar chailín aimsire atá toilteanach goid óna fostóir. 
  • The Boarding House (An Teach Lóistín) – Éiríonn le Mrs Mooney pósadh maith a réiteach dá hiníon le duine de na lóistéirí sa teach, Mr Doran, ionas go gcuirfeadh feabhas ar a saol. 
  • A Little Cloud (Scamall Beag) – Nuair a bhuaileann Chandler Beag lena sheanchara Ignatius Gallaher tugann sé faoi deara nach bhfuil an mian atá aige féin a bheith ina mhórphearsa sa saol liteartha curtha i gcrích aige ar chor ar bith. Pléitear spionn Chandler nuair a thugann sé faoi deara go bhfuil a mhacsan tagtha ina ionad mar phríomhábhar ghean chroí a bhean chéile, freisin.
  • Counterparts (Contrapháirteanna) – Is iad lucht ólta na tábhairne agus a mhacsan féin a fhaigheann an chuid ba mheasa do fhrustrachas Farrington, scríobhaí anásta atá tógtha don ól.
  • Clay (Cré) – Téann an tseanmhaighdean Maria, bean níocháin, go teach a mac altrama Joe Donnelly chun Oíche Shamhna a chaitheamh leis agus lena chlannsan. 
  • A Painful Case (Cás crua) – Diúltaíonn an tUasal Duffy Bean Sinico agus ansin, cheithre bhliain ina dhiaidh, tugann sé faoi deara go raibh pionós uaignis agus báis gearrtha aige uirthi.
  • Ivy Day in the Committee Room – Teipeann ar mhionpholaíteoirí ardcaighdeán Charles Stewart Parnell, atá fós mór i gcuimhneamh na ndaoine, a bhaint amach.
  • A Mother (Máthair) – Déanann Mrs Kearney iarracht a hiníon, Kathleen, a chur í tús áite sa ghluaiseacht cultúrtha Éireannach, agus éiríonn léi príomhpháirteanna a shocrú di i sraith cheolchoirme chun na críche sin a bhaint amach, ach i ndeireadh na dála teipeann uirthi.
  • Grace – Déanann cairde de chuid Mr Kernan iarracht é a chur ar bhealach a leasa le cabhair na hEaglaise Caitlicí nuair a gortaíodh go dona é tar éis dó titim sé síos staighre i dteach tábhairne. 
  • The Dead (Na Mairbh) – Téann Gabriel Conroy go dtí cóisir agus, níos déanaí san oíche, agus é i mbun cainte lena bhean chéile, tagann eipeafáine dó maidir leis an mbeocht agus an mbás. Rangaítear an scéal seo mar novella de bharr líon na bhfocal lena n-áirítear 15 - 16,000. Cuireadh The Dead (Na Mairbh) in oiriúint don scannánaíocht i scannán de chuid John Huston, ar scríobh a mhac Tony é agus ina raibh príomhpháirt ag a iníon Angelica i ról Mrs. Conroy.

Stíl cuir in eagar

Tá dhá choinneáil criticeora a dtagann chun tosaigh de ghnáth nuair a cuirtear Dubliners a scríobh Joyce faoi chaibidil: na réalaithe agus na siombalaithe. De réir na réalaithe is é atá ann in Dubliners ná an saothar is simplí de chuid aschur Joyce, rud a fhágann gur minic nach dtugann siad aird ar an gcáilíocht réabhlóideach atá sa saothar. Ag an am céanna ní thugann na siombalaithe aird ar na bríonna míréireacha laistiar de na siombalaí ar tharraing Joyce. In ainneoin go bhfuil iadsan ann nach bhfuil sásta ach argóint a dhéanamh ó thaobh amháin den roinnt seo, tá iadsan ann freisin a chreideann gur saothar é Dubliners nach féidir a aicmiú nó comhartha sóirt a dhéanamh as ar chor ar bith. Tá bac curtha ag Joyce ar iarrachtaí anailís chriticiúil dhoshéanta a dhéanamh ar an leabhar mar gheall ar an easpa d’fhianaise soiléir den aontacht théamach, loighic maidir leis an bplota atá ann, nó clabhsúr ach oireadh.[4] Mar a d'áitigh Sonja Bašić, ba cheart go mbeimis ag breathnú ar an leabhar seo, “ní mar shárshaothar an nádúrachais nó na réadúlachta, ach mar chéim aistir shuntasach atá comhtháite leis an struchtúr nua-aoiseach de shaothar ní b’aibí a scríobh Joyce.” [4]

Tá sé áitithe gur annamh a idirghabhann na reacairí in Dubliners, rud a fhágann go bhfuil an cur síos atá ann ar a gcuid smaointe agus a gcuid mothúchán teoranta, agus deirtear gur tréithe den tráchtaireacht dofheictheacht é sin, ina mbíonn an reacaire ag féachaint seachas ag insint. Cé go bhfuil daoine ann a thagraíonn ar an tslí ina bhfeidhmíonn Joyce an saor-chlaoininsint mar mhodh chun tuiscint a dhéanamh ar a chuid phearsana, is minic atá iontaofacht na bpearsan doiléir ar bhealach a fhágann gur fíordheacair an iarracht aon chineál anailíse a dhéanamh orthu.[4] Mar a d’áitigh Richard Ellmann “Éilíonn Joyce go bhfuil tábhacht ag baint leis as faic a éileamh.” [5] Ní féidir ach breathnú ar a chuid pearsana toisc nach léirítear iad go follasach.

Tá plean foriomlán le brath sa bhailiúchán mar aon saothar ann féin, ag tosú leis an ógánach agus ag éirí níos aosta go leanúnach go dtí go gcríochnaíonn sé leis The Dead (na Mairbh). Cuirtear an-bhéim ar na sonraí tíreolaíochta sainiúla de Bhaile Átha Cliath, sonraí a mbeadh tuiscint dhíreach shoiléir ag an léitheoir a bhfuil eolas aige ar an gceantar. Cuirtear carachtair agus muintir Bhaile Átha Cliath den am i gcomparáid trí mheán na ndearctaí líonmhara a léirítear tríd an bhailiúchán go léir.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ^ Osteen, Mark (1995-06-22). "A Splendid Bazaar: The Shopper's Guide to the New Dubliners.". Studies in Short Fiction.
  2. ^ Michael Groden. "Notes on James Joyce's Ulysses"The University of Western Ontario. Archived from the original on 1 November 2005.
  3. ^ Jeri Johnson, "Composition and Publication History", in James Joyce, Dubliners (Oxford University Press, 2000).
  4. ^ Mosher, Harold Frederick; Bosinelli Bollettieri, Rosa Marie (1998). ReJoycing : New Readings of Dubliners. Lexington, KY: The University Press of Kentucky. ISBN 9780813120577.
  5. ^ Ellmann, Richard (1959). James Joyce. Oxford University Press.

Tagairtí breise cuir in eagar

  • Ellmann, Richard. James Joyce. Oxford University Press, 1959, revised edition 1983.
  • Burgess, Anthony. Here Comes Everybody: An Introduction to James Joyce for the Ordinary Reader (1965); foilsithe freisin mar Re Joyce.
  • Burgess, Anthony. Joysprick: An Introduction to the Language of James Joyce (1973)

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

  1. Osteen, Mark (1995-06-22). "A Splendid Bazaar: The Shopper's Guide to the New Dubliners.". Studies in Short Fiction.
  2. Michael Groden. "Notes on James Joyce's Ulysses"The University of Western Ontario. Archived from the original on 1 November 2005.
  3. Jeri Johnson, "Composition and Publication History", in James Joyce, Dubliners (Oxford University Press, 2000).
  4. 4.0 4.1 4.2 Mosher, Harold Frederick; Bosinelli Bollettieri, Rosa Marie (1998). ReJoycing : New Readings of Dubliners. Lexington, KY: The University Press of Kentucky. ISBN 9780813120577.
  5. Ellmann, Richard (1959). James Joyce. Oxford University Press.