Thomas Kinsella

file Éireannach

File mór le rá as Baile Átha Cliath ab ea Thomas Kinsella (4 Bealtaine 192822 Nollaig 2021).

Infotaula de personaThomas Kinsella

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Bealtaine 1928
Inse Chór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Nollaig 2021
93 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht agus aistriú
Suíomh oibre Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmteangeolaí, múinteoir ollscoile, scríbhneoir, foilsitheoir, file, aistritheoir, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Temple Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Saothar
Suíomh a chartlainne
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: a9d9781d-81d8-4d49-a1ba-0c1a1e920e16 Discogs: 529318 Cuir in eagar ar Wikidata

Saothar cuir in eagar

Bhí Kinsella ar dhuine de na heagarthóirí ar mhórchnuasach filíochta na hÉireann, Duanaire: Poems of the Dispossessed, agus bhí clú ar a dhán Mirror in February i measc dhaltaí na hArdteistiméireachta. Fuair sé Saoirse Chathair Bhaile Átha Cliath in 2007.

Rinne sé aistriúchán nua ar an eipic ársa Táin Bó Cúailgne. Tá cáil ar a leagan Béarla, a foilsíodh i 1969 agus a bhfuil léaráidí cuidsúlacha leis an ealaíontóir Louis le Brocquy ina gcomhchuid de.[1]

Scríobh Thomas Kinsella an dán Butcher’s Dozen tar éis Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972. Chomh maith leis an sléacht féin, ba é tuarascáil Widgery a spreag é lena chuid feirge a chur in iúl sa dán. "Mórmhasla" a thug sé ar an tuarascáil sin.

Bhí cuid dá dhuanta féin ar chúrsa na hArdteistiméireachta ar feadh na mblianta.[1] Bhí clú ar a dhán Mirror in February i measc dhaltaí na hArdteistiméireachta.[2]

Eagarthóir cuir in eagar

Bhí Kinsella ar dhuine de na heagarthóirí ar mhórchnuasach filíochta na hÉireann. I 1981, foilsíodh An Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed, cnuasach a chuir sé féin agus Seán Ó Tuama in eagar, a tháinig amach i 1981 agus a bhfuil ráchairt air i gcónaí. Ba é an aidhm a bhí ag na húdair leis an leabhar sin ná saibhreas filíochta na Gaeilge ón tréimhse 1600-1900 a chur os comhair an phobail.[3]

Chuir sé bailchríoch ar a leagan Béarla de Chúirt an Mheán Oíche in The New Oxford Book of Irish Verse i 1986, teaglaim eile a chuir sé in eagar.

Gairm cuir in eagar

Bhí Kinsella ina fhile cónaitheach in Ollscoil Illinois sna Stáit Aontaithe agus ina dhiaidh sin ceapadh in Ollamh Béarla é in Ollscoil Temple, Philadelphia.

Bronnadh an draoi gradam ar Thomas Kinsella i rith a mharthana, dochtúireachtaí oinigh agus Saoirse Bhaile Átha Cliath in 2007 ina measc.[1]

Saol pearsanta cuir in eagar

In Inse Chór i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 a rugadh Thomas Kinsella. Rinne sé céim eolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chaith sé seal ina státseirbhíseach sular thug sé faoin léann agus faoin scríbhneoireacht go lánaimseartha.[1]

Bhí triúr clainne ar Thomas Kinsella agus a bhean, Eleanor.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Ciarán Lenoach / Nuacht RTÉ (2021-12-22). "An file Thomas Kinsella ar shlí na fírinne" (as ga). 
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (Nollaig 201). "25 Nollaig 2021 (Tír Eoghain)" (as ga). 
  3. Síobhra Aiken (2016). "AGALLAMH le Louis de Paor: ‘Tús argóna’ is ea an ‘Duanaire’ nua, ‘Leabhar na hAthghabhála’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-29.